Máire Dinny Wren

Go mbeinnse choíche saor

cnuasach gearrscéalta

Cnuasacht gearrscéalta le Máire Dinny Wren.

Bailiúchán scéalta faoi mhná láidre a mbíonn orthu streachailt in éadan a ndíchumhachtaithe i saol nach bhfuil i gcónaí ceart ná cóir. Tá uaillmhian na saoirse le feiceáil sna mná seo, tallanna dochloíte na beatha a thugann orthu troid ar son a saoirse agus a neamhspleáchais. Foréigean, fealladh, dealús, imirce; tá siad go léir sna scéalta seo agus iad tiomáinte ag tuigsint ghéar ar an daonnacht agus ar an ghrá atá i gcroílár gach carachtair. Scéalta curtha i láthair i nguth fileata a thugann le fios go bhfuil i gcónaí níos mó ag tarlú ná mar a tchítear ar an chéad amharc.

.

As Gaoth Dobhair i dTír Chonaill do Mháire Dinny. Tá filíochta agus scéalta léi foilsithe in irisí mar Comhar, An tUltach, An Gael, Irish Pages, North West Words agus Feasta. Bronnadh duais Fhoras na Gaeilge ag Féile Scríbhneoirí Lios Tuathail ar Mháire i 2010 don ghearrscéal ‘Ag Téarnamh chun Baile’. Bhí léiriú dá scéal ‘Thar an Tairseach’, a craoladh Lá Fhéile Pádraig 2013 ar RTÉ Raidió 1, ar an ghearrliosta don Dráma Raidió is Fearr ag an Prix Europa i mBeirlín i 2013. Bhain ‘Cosmhuintir’ duais sa chomórtas Splancfhicsean a bhí a reáchtáil ag Áras Scríbhneoirí na hÉireann, IMRAM agus Books Ireland i 2015. Tá ceithre scéal dá cuid sa chnuasacht Go dtí an Lá Bán, a d’fhoilsigh Éabhlóid i 2012. D’fhoilsigh Coiscéim a céad cnuasacht filíochta, Ó Bhile go Bile, i 2011. Is é seo a céad cnuasacht gearrscéalta.

Is féidir éisteacht le leagan fuaime de ‘Thar an Tairseach’, a cóiríodh don raidió, anseo.

 

Meáchan0.16 kg
Toisí198 × 115 × 13 mm
ISBN

...cuirtear domhain éagsúla dhraíochtúla os ar gcomhair sna scéalta ar fad agus tá áit lárnach sna scéalta ag an gceol agus ag an bhfilíocht. Mholfainn féin an cnuasach go mór..

Tá an teach foilsitheoireachta Éabhlóid dílis do chaint bheo Ghaoth Dobhair agus is guth Máire Dinny atá anseo againn saor ó leaba Phrocrustes an chaighdeáin. Ní dóigh liom áfach go mbeidh sin ina dhris cosain don léitheoir, tiocfar isteach go gasta ar an insint.