Exit

Bláth na dTulach

20.00

Cnuasach gearrscéalta comhaimseartha as Cúige Uladh. 28 scéal ó 28 scríbhneoir, bailithe le chéile ag Réaltán Ní Leannáin le réamhrá leis an Ollamh Lillis Ó Laoire.
Clúdach crua.

Éist anseo le léirmheas a rinne ClubLeabhar.com ar an leabhar Bláth na dTulach.

SKU: 031 Rannóga: ,

Cur síos

Díolaim Ultach.

Is iomaí cruth agus dath ar an ghearrscéal agus tá a shéala sin le feiceáil go soiléir sa díolaim speisialta seo a dhéanann comóradh ar an ghearrscéalaíocht chomhaimseartha Ultach. Tá scéalta thar a bheith taitneamhach cruinnithe le chéile anseo ó 28 scríbhneoir, idir óg is aosta, as gach cearn de Chúige Uladh. Máistir-rang i bhfoirmeacha éagsúla an ghearrscéil atá le fáil idir clúdaigh an fhoilseacháin seo. Tá scéalta grá, scéalta díoltais agus scéalta dóchais anseo, tá scéalta eile ann a bhfuil an greann agus an brón chun tosaigh iontu, tá cuid de na scéalta fréamhaithe go docht i dtraidisiún an oidis bhéil agus cinn eile a bhfuil foirmlí agus foirmeacha na litríochta nua-aoisí le brath orthu. Is cuma cén áit a dtumfaidh an léitheoir isteach sa leabhar seo, gheofar rud inteacht leis an tsuim a mhúscailt agus leis an chian a thógáil.

Gabh chuig www.blath.ie le theacht ar leagan digiteach de théacs na scéalta agus le héisteacht leis na scéalta á n-aithris ag léitheoirí éagsúla i bpodchraoladh rialta le Réaltán Ní Leannáin dar teideal Bláth na dTulach.

Eolas breise

Meáchan .4 kg
Toisí 210 × 140 × 21 mm
Lch

344

ISBN

978-1-914482-00-7

Close
Go top