“Teacht Aniar” – Meascra Dánta agus Dánta Nua le Dairena Ní Chinnéide seolta ag Oireachtas na Gaeilge

Ilchineálach

An file Dairena Ní Chinnéide

Ba mhór an phribhléid agus an phléisiúr a bheith sa chomhluadar ag an cheolchoirm agus an léamh filíochta a chur Síle Denvir agus Dairena Ní Chinnéide inár láthair nuair a seoladh leabhar nua Dairena, Teacht Aniar, ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne Dé Sathairn. Chruthaigh Síle spás speisialta dúinn chun Dairena agus a saothar a cheiliúradh le comhrá, ceol agus reacaireacht a thóg croí an lucht éisteacht a bhí cruinnithe isteach go dlúth.

Ag seoladh an leabhair di, dúirt Síle Denvir go raibh “scoth na ndánta as na bailiúcháin ar fad a chur Dairena i dtoll a chéile le fiche bliain cruinnithe le chéile sa leabhar seo, le dhá chéad go leith leathanach sa tsaothar nua, agus é curtha le chéile go snasta álainn ag Éabhlóid.”

Chuir Síle ceist ar Dairena cad a mhothaigh sí faoin tsaothar a bheith i gcló. “Tá sé ana-dheas go bhfuil an leabhar seo beo, ní chreidim go bhfuil sé beo agus ní chreidim go bhfuil mé ag scríobh agus ag foilsiú le fiche bliain. Tá mé ana-bhuíoch do na foilsitheoirí nó tá leabhar chomh snasta slachtmhar ceangailte curtha i láthair acu agus tá an íomhá a dhein Kim Sharkey don gclúdach go hiontach, agus tá ceangail láidir ag an phictiúr a thóg mo mhac Jeaic leis an íomhá atá ar an gclúdach chomh maith. Agus tá sé tiomnaithe do mo dheartháir céile a cailleadh ansin le déanaí, Mike Donoghue, agus tá Mike agus Leila sa tseomra seo, braithim, ana-láidir; bhí Mike ag gach aon léamh filíochta a dheineas i mBaile Átha Cliath déanaim amach, agus beannacht Dé le hanamnacha na marbh agus an leabhar seo tiomnaithe dó.”

Ag cur tús leis an cheol, sheinn Síle leagan uaigneach mothálach de “Phort na bPúcaí” ar an chláirseach agus d’aithris Dairena a dán féin den teideal céanna in éindí léi agus ba léir go raibh muid i measc beirt chumasacha a thuig agus a bhí ina máistrí ar a gceird nó bhí áilleacht agus doimhneacht ag baint leis an chur i láthair. “Nótaí a thapaigh an croí is a ghreamaíonn ar nós bairneach id anam, nótaí ar nós taibhsí ó shaol nach ann dó níos mó,” mar a léigh Dairena óna dán.

Síle Denvir agus Dairena Ní Chinnéide ag seoladh Teacht Aniar
Síle Denvir agus Dairena Ní Chinnéide ag seoladh Teacht Aniar

Leanadh leis an chomhrá ina dhiaidh sin agus d’fhiosraigh Síle faoi cheann de na pearsana a dtagann muid trasna orthu i ndánta Dairena.

Síle: “Is dóiche gurb é sa gcnuasach sin An Trodaí agus dánta eile a cuireadh an phearsa sin An Trodaí inár láthair i dtús … agus úsáidtear an phearsa cineál fíochmhar seo, ach tá mianach an laoich inti freisin nach bhfuil? Agus í leochaileach agus goilliúnach ag an am chéanna … agus muid ag iarraidh meabhair a bhaint as an saol b’fhéidir mar mhná … agus sílim go bhfuil na snáithí sin ina orlaí fríd an gcnuasach ar fad. Agus casann muid leis an Trodaí go minic agus i ndánta eile nach luaitear an trodaí ann ach go bhfuil na gnéithe sin den tsíceolaíocht, b’fhéidir síceolaíocht na mban, a n-oibriú amach iontu … ach an inseoidh tú beagáinín dúinn faoi cén chaoi ar tháinig an Trodaí chugat?”

Dairena: “Bhuel, is dócha go rabhas ag iarraidh cur síos ar an laoch, go raibh eagla orm cur síos orm féin agus go gcumas alter-ego, an trodaí seo, a dheireadh rudaí nach gcuirfeadh isteach ar dhaoine go díreach ach go neamhdhíreach, mar gheall ar shíceolaíocht agus deacrachtaí agus dúshláin agus castachtaí aigne na mban agus an máithreachais nó bhí an mháithreachas agus an Trodaí fite fuaite lena chéile.”

Síle: “Caithfidh chuile dhuine an cnuasach seo a cheannacht mar tá 30 dán nua sa gcnuasach nach bhfuil léite agaibh agus tá sé mar a bheifeá ag breathnú ar shraith ar Netflix go bhfeice tú cén chaoi a bhfuil An Trodaí faoi láthair! Ní inseoidh mé dhíbh é ach tá dán álainn ann “An Trodaí Trédhearcach” agus suaimhneas álainn ag baint leis an dán ach fós tá an-teacht aniar ins an Trodaí.”

Cuid den lucht éisteachta ag seoladh leabhar nua Dairena Ní Chinnéide

Léigh Dairena ansin an dán An Trodaí agus an Mac Tíre.

Síle: “Mac tíre a tháinig ar cuairt chugat sa gcás sin ach úsáideann tú é sin, úsáideann tú rudaí ón osnádúr agus ón mhiotaseolaíocht go thar a bheith cruthaitheach agus tagann neachanna ar cuairt chugat i do chuid filíochta … i gcúirt na sí tarraingíonn an tsióg an t-éadach leapan den mháthair nach bhfuil fonn uirthi éirigh ar maidin, agus ansin taibhsítear an bhó Ghaibhneach don Trodaí sa dán áirid sin … agus ansin, Ardchailleach Éireann, is maith liom an ceann sin, mar go dtugtar a dhúshlán don tsíocanailís ins an gceann sin, an mbíonn tú coinsiasach de sin, de ghné an bhéaloidis, nó an bhfuil sé go nádúrtha ionat?”

Dairena: “Is dócha go bhfuil sé nádúrtha, ní hé go bhfuilim go coinsiasach á dhéanamh ach go dtagann sé amach asam n’fheadar cad ina thaoibh nó conas deinim…”

Síle: “Bíonn sé sin nasctha go minic leis an tírdréacht agat ansin…”

Dairena: “Téann sé sin i bhfeidhm go hana-ana-mhór orm, mar ní féidir liom gan … i gCorca Dhuibhne, tá gach aon áit chomh haoibhinn, nó chomh lom i lár an gheimhridh, nó chomh hálainn i lár an tsamhraidh. Tá sé fite fuaite isteach i mo chnámh, an áit agus na daoine agus a bheith tógtha ann agus an meas atá agam ar an mbaile agus ar an bparóiste agus ar an dúiche agus na logainmneacha agus na daoine … agus gan iad, ní bheinn mar atáim.”

Síle Denvir agus Dairena Ní Chinnéide i mbun comhrá ag seoladh an leabhair Teacht Aniar

Síle: “An ceann sin Oileán, inis dúinn faoin cheann sin…”

Dairena: “Is dócha gur oileán anama a bhí i gceist ansan agus tá an dá rud, tá an rud litriúil agus an rud taibhsiúil ann chomh maith agus cuireann sé trasna an mheoin sin: chun scríbhneoireacht, caithfidh tú a bheith id aonair – agus is oileán thú go dtí go gcuireann tú amach thar bhruach na dánta agus sin a bhí saghas i gceist leis an dán sin ‘Oileán’.”

Cheol Síle an t-amhrán iontach ó Chonamara “Amhrán Mhaínse” agus d’aithris Dairena an dán “Oileán”, ag nascadh na véarsaí idir na píosaí ceoil ó Shíle rud go d’oibrigh go haoibhinn leis na mothúcháin láidre a chur trasna.

Síle: “… ach tá fiántas freisin ins na dánta, sin ceann de na rudaí is fearr liom faoi fhilíocht Dairena, go bhfuil sé thar a bheith fírinneach agus thar a bheith fiáin scaití agus go mbíonn an mhian seo aici imeacht le haer an tsaoil agus géilleadh don diabhlaíocht sin atá ionainn ar fad agus don spraoi agus don dánaíocht … níl a fhios agam ar áirigh sibh an dlúthdhiosca álainn a chuir sí amach le Rónán Ó Snodaigh agus le Steve Cooney agus tá ceann áirid ansin “Chailleas mo dhánta ag an bPicnic Leictreach” atá thar a bheith barúil ach an-an-dána agus tá cúpla ceann eile atá mar sin freisin atá ins an mbailiúchán “Punc na Teangan” an ceann nua agus “An Rabhais ag an Rave?” agus cúpla ceann eile mar iad agus tá tú chun ceann a dhéanamh anois “Meirligh an Atlantaigh Fhiáin” a bhfuil cineál fiántas mar sin ann, an labhrófá linn beagáinín faoin fhiántas sin?”

Dairena: “Bhuel, is breá liomsa fiántas agus is breá liomsa aiteas agus diabhlaíocht anois is arís, caithfear é a dhéanamh agus oíche amháin bhí banna beag againn i mBaile na nGall agus dúramar go mbeadh an mháirseáil is giorra in Éirinn againn, ó Tigh Bheaglaoich go Tigh TP trasna an mbóthar – so bhí scata daoine sa bhand agus bhí drumaí móra againn agus feadóga agus cad é craic agus Meirligh an Atlantaigh Fhiáin an dán.”

Dúirt Dairena an dán ansin le tionlacan ceoil ar an chláirseach ó Shíle.

Gearóidín Uí Laighléis, Caitríona Ní Chléirchín agus Síle Denvir

Síle: “Feicfidh sibh gur sin ceann de na snáithí eile atá ag Dairena ins an mbailiúchán seo nó an teanga féin agus a bheith ag caint faoin teanga, rud a dhéanann muid go mion minic, ag caint faoi, ach tá bealach ag Dairena le bheith ag caint faoi atá fírinneach ach dóchasach ag an am chéanna agus tá ceann áirid a thaitníonn thar cionn liom Teanga Dhúchais.”

Dairena: “Dán beag is ea é ach tá sé ag rá rud éigin mór. Tá guth íseal aige ach tá glór ard aige. Bhí comhtharlúint ann sa mhéid go raibh duine tar éis píosa ceoil don dán a chumadh, agus ní fhéadfainn é a chreidiúint.”

Síle: “Is cara mór liom í Úna Monaghan as Béal Feirste, cláirseoir eile, agus bíonn sí ag plé le ceol leictreonach agus ag tobchumadóireacht agus bean iontach, bean láidir eile í ach an oiread leat féin a Dairena, agus bhí muid ag obair ar thionscnamh lena chéile agus bhí sí ag cuartú dánta faoin teanga, agus bhí muid ag breathnú ar dhánta as an mBreatain Bheag freisin agus ar dhánta Éireannacha agus ní raibh aon dán eile, seo an dán is mó a tháinig ina rith liom so tá muid chun an leagan sin a chur Úna Monaghan le chéile don dán a dhéanamh.”

Síle Denvir i mbun ceoil.

Síle: “Mar a luaigh mé, is aistear anama thar a bheith pearsanta atá sa mbailiúchán álainn dánta seo agus tá sruth smaointe leis, a Dairena, mar a bheadh sruth rua rabharta ann le brath ar chuile líne agus tá faoiseamh áirid áirím ins na dánta nua agus an Trodaí istigh léi féin go mór agus í misniúil agus tá cúpla haiku thar a bheith deas freisin ann chomh maith. Tá sé réchúiseach ag deireadh ach níl an fiántas… tá fiántas fós ann, a Dairena, agus an ainrianacht ann freisin, níl sé sin i bhfolach ar fad, agus tá dán áirid … agus tá muid dul an focal deire a fhágáilt ag Dairena … tá dán, is dóiche gur seo ceann de na dánta is fearr liom féin: Scaoilte Amach an t-ainm atá ar an dán agus tugann sé léargas álainn ar mheanma an fhile faoi láthair – so fágfaidh muid sibh le Dairena agus í ag rá an dáin Scaoilte Amach.”

Scaoilte Amach

Mar a iompraítear na séasúir
Ina roithleáin ragairneacha
Caitheann an bhean shaor
A corp mar uirlis theann

Ó aois go hathfhás
Ceachtanna sa chistin
Don ndíseartach láidir
A ruaigeann na gormacha

Le bleaist cheoil
Ag criathrú ama
A hál tógtha, neamhspleách
Cúraimí colainne

Ag cur smacht ar a meon
Ar thimthriall a cuid fola
Ní bhuafadh faic ar shuaimhneas
Níl sí ag guí ar son páirtí

Ach ag ceiliúradh
Go slogann sí lá agus oíche
Ina haonar
Cead a cinn aici

A croí san am i láthair
Ceart ar chosaint aici féin
Máistreás ar a mianta
Tá teacht aniar inti.

Tá an leabhar Teacht Aniar ar fáil sna siopaí anois agus ón suíomh idirlín eabhloid.com

Buíochas mór le Síle Denvir as an leabhar Teacht Aniar a sheoladh ag Oireachtas na Gaeilge 2024 i gCill Airne.

To top