Micí Sheáin Néill Ó Baoill

Rugadh Micí Sheáin Néill i Rann na Feirste ar an 24 Eanáir 1901. Ba é Micí an dara duine ab óige de sheisear clainne a bhí ag Seán Néill Ó Baoill agus a bhean Siobhán Ní Dhomhnaill. Chaith sé tréimhsí ag obair fá Albain i rith a shaoil. Ba in 1916, faoi scáth Éirí Amach na Cásca agus an Chéad Chogadh Domhanda, a thug Micí a aghaidh ar Albain den chéad uair lena athair. Sa bhliain 1936, cheap Coimisiún Béaloideasa Éireann bailitheoirí le béaloideas a scríobh síos ó mhuintir Rann na Feirste. Scríobhadh síos thart ar 14,000 leathanach uathu idir an t-am sin agus lár na 1970idí. Le linn an ama sin, tógadh 1,400 leathanach daofa sin ón scéalaí Micí Sheáin Néill.  Bhí scéalta á n-insint sa bhaile i dteach Mhicí ó bhí sé ina pháiste óg nó ba scéalaí aitheanta a bhí ina athair, Seán Néill, agus d’fhoghlaim Micí léar scéalta uaidh. Bhíodh Micí ag scéalaíocht ag ócáidí agus ag comórtais ar fud na tíre fosta. I dtús na 1940idí, thosaigh pobal Rann na Feirste ag cur suim ar leith i mórfhéile na Gaeilge – An tOireachtas – a bhíodh ar siúl achan bhliain i mBaile Átha Cliath san am sin. D’fhreastail Micí go tráthúil ar an Oireachtas ar feadh a shaoil ó bhí tús na 1940idí ann agus is iomaí duais agus gradam a ghnóthaigh sé as a chuid scéalaíochta ann. Sa bhaile i Rann na Feirste, bhí ceangal mór aige le Coláiste Bhríde, áit a gcaitheadh sé tréimhsí ag scéalaíocht do dhaltaí na coláiste a thagadh ansin gach bliain le linn an tsamhraidh le feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Fuair Micí Sheáin Néill bás ar an 19 Márta 1981 agus bhí scothscéalaí agus ardcheardaí ar lár lena bhás.

To top