Tá Michelle Nic Pháidín ag obair mar Oifigeach Pleanála Teanga i LPT Thuaisceart Dhún na nGall. Ba iriseoir sinsearach leis an Donegal Democrat í Michelle roimhe sin. Tá suim mhór aici i gcúrsaí teanga agus bhí sí ina cathaoirleach ar Choiste Comhairleach na nÓg agus ina ball de Choimisiún na Gaeltachta. Tá dhá leabhar ficsin scríofa aici, An tIriseoir (2016) agus Fuascailt an Iriseora (2018). Tá cónaí uirthi i nGaoth Dobhair.
