Tógadh Máirín Jimí Uí Fhearraigh ar Ard na mBáinseog ar Oileán Ghabhla i nDún na nGall. Scríobh sí leabhar staire agus seanchais faoin oileán darbh ainm Gabhla — An tOileán (2008). Tá filíocht léi foilsithe in Comhar agus in North West Words. Tá sí ina ball de choistí pobail áitiúla agus contae agus ina comhalta de Ghael Linn.