Máire Nic Mhaoláin

As Sabhall Pádraig i gCo. an Dúin do Mháire Nic Mhaoláin, agus is céimí de chuid Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste í. D’oibrigh sí in Institiúid Teangeolaíochta Éireann, sa Ghúm, agus in Ollscoil Uladh. Mhúin sí modúl san aistriúchán liteartha in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath tamall. Ball oinigh í de Chumann Aistritheoirí agus Teangairí na hÉireann, agus feidhmíonn sí ar choistí éagsúla a bhaineann le litríocht agus léann na Gaeilge. Tá saothair aistrithe aici ón Fhraincis agus ón Bhreatnais, ón Iodáilis agus ón Bhéarla. D’fhoilsigh Éabhlóid an leabhar Athmháthair, aistriúchán ar an leabhar Accabadora le Michela Murgia in 2023.

To top