John Óg Hiúdaí Neidí Ó Colla

Fear mór láidir a bhí i John Óg Hiúdaí Neidí Ó Colla a raibh acmhainn mhaith grinn aige. Tháinig sé ar an tsaol ar an Ghlaisigh i nGaoth Dobhair in 1918. D’fhág sé scoil nuair a bhí sé dhá bhliain déag d’aois agus chuaigh a dh’obair ag carróireacht earraí ó Stáisiún Ghaoth Dobhair go Cóp na Glaisí. In 1936, thoisigh sé a ghabháil anonn is anall go hAlbain le hoibriú ar fheirmeacha móra sna Borders agus i ndeireadh na 1950idí, shocraigh sé fanacht sa bhaile ag tógáil agus ag deisiú tithe. Dar leis féin, chuir sé na chéad sreangacha leictreachais i gcuid mhaith de thithe Ghaoth Dobhair nuair a tháinig an leictreachas isteach ar tús. In 1963, d’fhoscail cara mór leis, Seán Mac Pháidín, teach tábhairne ar an Ghlaisigh agus chuaigh John Óg a dh’obair ann mar fhear beáir; ní raibh a dhath níos mó a thabharfadh pléisiúr dó ná ag caint le fir na háite sa bheár fá na blianta a chaith siad ‘thall adaí’ fá Lauder, Kelso, Dalkeith agus Galashiels. I dtús na 1970idí, bhog a leasdeartháir Breandán agus a bhean Anne isteach leis. Bhí John Óg ariamh iontach lách le páistí s’acu agus bhí Mór agus Muilc ar cheann de na scéalta beaga a d’insíodh sé daofa. Ní raibh cuimhne aige cá háit ná cé uaidh ar chuala sé ar tús é; bhí sé aige, a deireadh sé, ó bhí sé ina ghasúr. Fuair John Óg bás in 2006. Tá cuimhne mhaith i gcónaí air fán Ghlaisigh, go háirithe fá Theach Sheáin, áit a raibh go leor cairde aige. Agus tá cuimhne ag daoine a bhfuil páistí dá gcuid féin anois acu ar scéal beag a chuala siad uaidh agus iad ina bpáistí, sé sin Mór agus Muilc.

To top