Joe Ó Dónaill

Tá aithne mhaith ar Joe Ó Dónaill i saol na Gaeilge mar fhear grinn agus mar láithreoir. Cuireann sé an imeacht Damhsa ar an Sean-nós i láthair gach bliain ag Oireachtas na Gaeilge agus bhí sé mar an guth ar chúl an charachtar “Hiúdaí” ar Cúla 4 ar TG4 ar feadh na blianta. Glacann sé páirt sna hagallaimh beirte agus lúibíní gach bliain ag an Oireachtas agus tá iomrá mhór ar an ghreann a bhíonn sna míreanna a chuireann sé i láthair. Níl iontas mar sin go bhfuil bailiúchán de scéalta grinn curtha le chéile aige a thógfas croí na léitheoirí agus a chuirfeas ábhar ar fáil do fhuirseoirí Gaeilge na tíre. Is príomhoide é Joe Ó Dónaill ar Ghaelscoil Míde i gCill Bharróg i mBaile Átha Cliath.

To top