Gabriel Rosenstock

Rugadh Gabriel i gCill Fhíonáin, Co. Luimnigh in 1949. Tá sé ina bhall den Aosdána agus is Sealbhóir Ginealaigh é le Celtic Buddhism. Bhí sé ina Chathaoirleach ar Poetry Ireland/Éigse Éireann. Caitheadh amach as Coláiste Rinn Mhic Gormáin é agus bhí sé ar deoraíocht ina dhiaidh sin i gColáiste Charraig an Tobair. Ba é an chéad duine de ghlúin INNTI a chuir leabhar amach: Suzanne sa seomra folctha (1973). Tugann an leabhar taistil Ólann mo Mhiúil as an nGainséis (2003) agus an chín lae idirghníomhach Dialann Anama (2007) an-léiriú ar éirim an fhile ó thaobh creidimh, intleachta, fealsúnachta agus daonnachta. Tá cáil ar Ghabriel mar aistritheoir, agus saothar le Seamus Heaney, Georg Trakl, Günter Grass, Peter Huchel, Ko Un, K. Satchidanandan agus go leor eile aistrithe aige. Rinne Hans-Christian Oeser aistriúchán dílis ar fhilíocht Ghabriel go Gearmáinis, saothar a thuill ardmholadh, Ein Archivar großer Taten: Ausgewählte Gedichte (2007). Bhronn Uachtarán Phoblacht Ioslamach na Pacastáine an bonn Tamgha-I-Khidmat air sa bhliain 2009. Tá bunsaothar próis agus filíochta do leanaí tagtha óna pheann mar aon le haistriúcháin le haghaidh Walker Éireann agus Dalen Éireann. Haiku i nGaeilge móide leaganacha Béarla, Béarla na hAlban agus Seapáinise atá sa leabhar Antlered Stag of Dawn (The Onslaught Press, Oxford, 2015). D’fhoilsigh Éabhlóid Scéilíní Scanrúla – leabhar do dhaoine óga 9-12bl – in 2023. Bronnadh Gradam Bliantúil Leabhair Pháistí Éireann ar Ghabriel in 2023 mar chuid de Chomhdháil Idirnáisiúnta Leabhair Pháistí Éireann le haitheantas a thabhairt dó as an obair mhór atá déanta aige ar son leabhair do pháistí.

To top