Frankie Leonard

Ba iarmhúinteoir bunscoile í Frankie Leonard a raibh cónaí uirthi i gCill Ala i gCo. Mhaigh Eo. Theagasc sí i Scoil Náisiúnta Ráth na Mach ar feadh sé bliana agus ansin i Scoil Náisiúnta Chrois Mhaoilíona ar feadh 39 bliain. Is é An Bogha Báistí bailiúchán de roinnt de na rannta a scríobh sí le linn di a bheith ag teagasc. Is rannta iad a d’úsáid sí chun an Ghaeilge, agus go speisialta gramadach na Gaeilge, a mhúineadh do pháistí ar bhealach spraíúil agus simplí. Nuair a cuireadh An Bogha Báistí i gcló dúirt sí go raibh súil aici go gcuideodh an leabhar le daoine an sult céanna a bhaint as an Ghaeilge agus a bhain a sí féin agus a cuid iar-scoláirí. Chuidigh na rannta seo go leor cainte agus comhrá a spreagadh sa tseomra ranga. Ba í an t-ábhar ba deise dá croí ariamh í an Ghaeilge. Fuair Frankie Leonard bás i dtús mí Mheitheamh 2021.

To top