Éilis Neary

Iarrthóir PhD le Fiontar & Scoil na Gaeilge (OCBÁC) is ea Éilis Neary agus í i mbun taighde ar scríbhneoirí comhaimseartha na Gaeilge. Chaith sí seal mar bhainisteoir ar Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge in 2022.

Bhí sí lonnaithe i bPáras go dtí le gairid agus í ina teagascóir sa Centre Culturel Irlandais. Bhronn l’Université Sorbonne-Nouvelle céim mháistreachta sa Léann Éireannach uirthi.

D’fhoilsigh Éabhlóid an chéad leabhar léi, Dóchas Pócas in 2022 agus in Nollaig 2023 d’fhoilsigh Comhar a dara leabhar, Am Amú.

To top