Dairena Ní Chinnéide

File sa dá theanga í Dairena Ní Chinnéide as Corca Dhuibhne. I measc deich gcnuasach filíochta atá foilsithe aici tá  Deleted, ó Salmon Poetry (2019), Fé Gheasa: Spellbound ó Arlen House (2016), Cloithear Aistear Anama, Coiscéim (2013), agus Labhraíonn Fungie / Fungie Speaks, Ponc Press (2016). Scríobhann sí leaganacha aistrithe de chuid dá filíochta ina cuid cnuasaigh dátheangacha. I measc na ngradaim a bronnadh uirthi, tá Patrick and Katherine Kavanagh Fellowship, Dámhachtana Litríochta Gaeilge ón gComhairle Ealaíon agus Ealaín na Gaeltachta, as tionscadail cosúil le leaganacha aistrithe a dhéanamh d’fhilíocht an bhanfhile Rúisigh Marina Tsvetaeva agus iad a stáitsiú mar chuid d’Fhéile Litríochta Gaeilge IMRAM agus an cnuasach Tairseach. Is minic í ar stáitse ag léamh a cuid filíochta ag imeachtaí litríochta agus féilte in Éirinn, ar mór-roinn na hEorpa agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá. In 2022 d’eisigh sí albam filíochta agus ceoil dar teideal ‘CINNLÍNTE – Breaking Verse’ ina bhfuil sí ag aithris rogha dá cuid dánta le tionlacan ó Steve Cooney agus Rónán Ó Snodaigh.

To top