Caoimhin Mac a’ Bhaird

Is iar-phríomhoide scoile é Caoimhin Mac a’ Bhaird atá ina chónaí i nGaeltacht Ros Goill. Chaith sé 23 bliain ag teagasc ar an Chraoslach agus ocht mbliana i gCarraig Airt. D’oibir sé mar léachtóir Gaeilge páirtaimseartha d’Ollscoil Uladh (Coláiste Mhic Aoidh) ag teagasc an Dioplóma sa Ghaeilge sna Dúnaibh (2008 – 2011) agus bhí sé i mbun an chúrsa TEG (Teastas Eorpach sa Ghaeilge) (2011- 2016) faoi choimirce na heagraíochta Céim Aniar sna Dúnaibh. Bhain sé Dioplóma sna Dána (Léann an Aistriúcháin) amach ó Ollscoil na Gaillimhe (2012) agus Dioplóma sa Bhéaloideas ó Ollscoil na Gaillimhe (2016). D’fhoilsigh Caoimhin irisleabhar Gaeilge dar dteideal Sonas do pháistí bunscoile, le maoiniú ó COGG sa bhliain 2012 agus d’fhoilsigh sé leagan leictreonach den irisleabhar céanna sa bhliain in 2014. Tá an-suim aige i gcúrsaí Gaeilge agus bhí sé ina Chathaoirleach ar eagraíocht Chéim Aniar sna Dúnaibh. Séard atá i gCéim Aniar ná gluaiseacht a bunaíodh i 2001 i gcomhair caomhnú agus cur chun cinn na teanga agus cultúir na Gaeilge i gceantar Ros Goill. Tá siad aitheanta mar Ionad Seirbhísí Teanga. Tá Caoimhin faoi láthair ina chathaoirleach ar Choiste Stiúrtha Limistéar Pleanála Teanga Thuaisceart Dhún na nGall.

To top