Caitríona Ní Chléirchín

D’fhás Caitríona Ní Chléirchín aníos i nGort Muine, Scairbh na gCaorach i gcontae Mhuineacháin. Is file gradamach, criticeoir agus léachtóir Gaeilge í Ní Chléirchín in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá ceithre leabhar filíochta foilsithe aici: Crithloinnir (Coiscéim 2010), An Bhrídeach Sí (Coiscéim 2014), The Talk of the Town (The Gallery Press 2020) agus Safó (Coiscéim 2020). Bhuaigh a céad cnuasach, Crithloinnir, duais an Oireachtais don scríbhneoir úr in 2010 agus bhuaigh a dara cnuasach, An Bhrídeach Sí, An Gradam Filíochta Bliantúil i gCuimhne ar Mhícheál Ó hAirtnéide in 2015.

To top