Pictiúrleabhar le hÉilis Neary scríofa i bhfoirm véarsaíochta agus maisithe ag an údar le hinspioráid ó na healaíona dúchasacha ar fud an domhain. Tá an timpeallacht agus muintearas mar phríomhthéamaí sa scéal seo atá lom lán le draíocht agus le samhlaíocht.
Is pictiúrleabhar é Dóchas Pócas do na hardranganna sa bhunscoil. Tá an timpeallacht agus muintearas mar phríomhthéamaí ann. Ullmhaíonn an scéal seo páistí le bheith rannpháirteach sa tsochaí agus a bheith tuisceanach do dhaoine eile agus an timpeallacht.
Sa scéal, feicimid go bhfuil an truailliú ag dul chun olcas fán bhaile bheag sna cnoic; gníomhaíochtaí tionsclaíochta is cúis leis ach cuirtear an milleán ar fad ar an draoi, Dóchas Pócas atá ina cónaí taobh amuigh den phobal. Nuair a bhíonn sé de mhisneach ag Céilí aghaidh a thabhairt ar an draoi, ní bhíonn sí i bhfad ag fáil amach cén dóigh is fearr le freagracht a ghlacadh as an timpeallacht agus slacht a chur ar an mbaile.
Déanann Dóchas Pócas ceiliúradh ar uathúlacht an duine. Ag an am chéanna, tarraingíonn sé aird an léitheora ar na bealaí a d’fhéadfaimis comhoibriú le chéile agus muintearas a dhéanamh le daoine atá fágtha ar imeall na sochaí. Coinníonn Dóchas Pócas léi féin sna sléibhte. Bíonn ráflaí ag dul thart fúithi agus cuirtear an milleán uirthi as gach uile rud. Nuair a chuireann Céilí aithne ar an draoi, tagann sí ar an bhfírinne: Tá an cineáltas inti agus tá muintir na háite ag brath uirthi chun filleadh ar an nádúr. Ní fada go dtosaíonn siad ag obair as lámha a chéile.
Tá na léaráidí bunaithe ar na healaíona dúchasacha ag an Musée du Quai Branly i bPáras agus tá ról lárnach ag an gceol traidisiúnta sa scéal.
Agus Éilis ag caint faoin leabhar dúirt sí: “Díríonn Dóchas Pócas ar cheann de na téamaí is tromchúisí atá ann san aimsir seo: caomhnú an chomhshaoil. Cuirtear an croíthéama os comhair an léitheora ar bhealach spraíúil a spreagann an tsamhlaíocht. Tá ceol, cruthaitheacht agus ceannródaíocht fite fuaite le chéile sa scéal.”
ISBN: 978-1-914482-08-3