Tá an t-úrscéal úr, Glórtha an Tráthnóna le Natalia Ginzburg, aistrithe ón Iodáilis ag Máire Nic Mhaoláin, seolta ag Cathal Póirtéir.
Sheol Cathal Póirtéir an t-aistriúchán is úire le Máire Nic Mhaoláin ag Oireachtas na Gaeilge Dé hAoine seo chuaigh thart agus bhí slua breá i láthair le fáilte a chur roimh an úrscéal is déanaí ó Nic Mhaoláin.
I bhfoirm comhrá neamhfhoirmiúil a bhí an seoladh, inar chuir Cathal Máire faoi agallamh faoin tsaothar nua agus faoina saol mar aistritheoir. Sular labhair siad faoin leabhar úr Glórtha an Tráthnóna, labhair siad faoi na leabhair eile atá aistrithe ón Iodáilis agus ón Bhreatnais ag Máire agus faoin am a chaith sí ag obair ar fhoireann an fhoclóra Gaeilge.
Chuir Cathal ceist ansin ar Mháire caidé a toisigh ar shlí an aistriúcháin í.
Máire Nic Mhaoláin: “Thoisigh mé ag scríobh colún fá choinne An tUltach, píosaí beaga. Bhí mé ag déanamh cláracha réasúnta minic do Raidió na Gaeltachta san am, agus á gcur isteach chuig an tUltach. Nuair a bheinnse gann i gcomhrá don raidió dhéanfainn ceann de na seanscéalta a aistriú amach sa Nua-Ghaeilge. Ach ina dhiaidh sin, nuair a bhí mé sa Ghúm – ní aistritheoirí a bhí ionainne, go hoifigiúil, ach eagarthóirí; is daoine ón taobh amuigh a d’fhostaigh muid le bheith ag aistriú, agus bheadh muidinne ag obair ar na leaganacha sin, á réiteach don chló. Bhí mise ag plé le haistriúcháin ar théacsleabhair. Ní thagadh mórán isteach ó thaobh na litríochta de; bhí na seanfhondúirí, Séamus Ó Grianna agus iad, imithe den fhód, agus bhí an caighdeán agus an cló Rómánach i bhfeidhm anois. Bhínn ag rá liom féin … go bhféadfainnse an aistriúchán a dhéanamh! Corruair bheadh oiread le déanamh ar na scripteanna is go mbeadh sé chomh maith agat toiseacht as an nua! Chuimhnigh mé ar na comórtais ag Oireachtas na Gaeilge, agus thoisigh mé a chur isteach orthu sin agus fuair mé cúpla duais. Ansin, éiríodh as na comórtais aistriúcháin ach amháin na cinn do dhaoine óga, agus – agus caithfidh nach raibh mórán eile sa chomórtas ,mar bhuaigh mise corrdhuais ar aistriúcháin ón Bhreatnais. Thug sin misneach dom. Chuaigh mé go dtí an tSairdín, nuair a bhí mé ar an Ollscoil, agus fuair mé amach fán bhan-údar, Grazia Deledda, arbh as an tSairdín di. Tharla go raibh féile ar siúl sa bhaile inar rugadh í, agus bhí cineál de mhúsaem ann, agus chuaigh mise ar an fhéile agus shíl gur rud an-spéisiúil ar fad é, go raibh sise ar an oileán bheag seo, agus í ag scríobh mar sin – ba san Iodáilis chaighdeánach a scríobhadh sí. Bhí an Istituto Italiano ag cur comórtais ar bun san am ar chlár Oireachtas na Gaeilge, agus fiafraíodh díomsa an raibh mo dhóthain Iodáilise agam le bheith ag aistriú ó Iodáilis go Gaeilge?’ ‘Níl a fhios agam fós’ arsa mise, ‘ach tchífidh muid!’ Chuimhnigh mé ar Deledda, agus dúirt gur mhaith liom rud éigin a scríobh an bhean sin a aistriú. Agus fuarthas cóip dá leabhar dom. Agus ba sin ‘An Mháthair’. Ós scríbhneoir an-soiléir a bhí inti agus gan í ag tarraingt ar chanúintí nó ar rudaí deacra, mhothaigh mé go raibh sé réidh go leor le déanamh.”
Cathal: “Agus an raibh tusa i ndiaidh staidéar oifigiúil a dhéanamh ar an Iodáilis?”
Máire: “Bhal, tharla go raibh dioplóma agam san Iodáilis ach ní chuirfinn mórán trom ar sin … is iomaí duine a raibh an dioplóma céanna acu!’
Cathal: “Ach chuir tú spéis leanúnach ina dhiaidh sin i litríocht?”
Máire: “Go díreach, mar bhí mé ar ais sa tSairdín, minic go leor, agus chuir mé spéis sna leabhair. Ar ndóigh, ní bhaineann Glórtha an Tráthnóna leis an tSairdín, ach leis an mhórthír.”
Cathal: “Caithfidh muid am le ‘Athmháthair‘ nó bheadh sé léite ag go leor daoine de bharr go bhfuair sé an duais agus go bhfuil sé ar fáil le tamall. Thaitin sé go mór liomsa, shíl mé go raibh scéal ar dóigh ann agus rudaí aisteacha ag titim amach ann, ach bhí sé brónach go maith mar scéal…”
Máire: “Bhí. Leabhar an-neamhghnách é, agus bhí mé ag amharc ar an idirlíon, ar rudaí a dúirt Iodálaigh faoi mar leabhar; bhí daoine ann a déarfadh nach raibh a leithéid de dhuine ann agus an Accabadora, nach raibh ann ach béaloideas; ach ansin bhí daoine eile ag rá ‘Ach tá rudaí sa mhúsaem, tá an casúr beag seo ann lena mbuailfeadh sí cloigne na ndaoine,’ agus mar sin ann,’ Dá bhrí sin, dar liom, is mar an gcéanna leis an bhéaloideas s’againne – is iomaí údar a tharraing scéal as an bhéaloideas agus a chuir casadh ann, agus glactar leis má cheapann muid gur scéal maith é.”
Labhair Cathal agus Máire ansin faoin leabhar úr Glórtha an Tráthnóna:
Cathal: “Agus an tréimhse uilig atá i gceist sa leabhar úr, is tréimhse é atá níos cóngaraí dár n-aois féin, mar a déarfá, nó mar atá Athmháthair. Tá cuid éigin de pholaitíocht iarchogaidh na hIodáile fite fuaite fríd.”
Máire: “Sé, bhí Natalia Ginzburg féin sáite sna cúrsaí sin. Sílim gur i 1916 a rugadh í, in Palermo na Sicile. Ach bhí a hathair i ndiaidh post a fháil in Ollscoil Torino in Peimont. Ba é Torino príomhchathair na hIodáile trátha. Bhí a hathair go mór i gcoinne an Fhaisisteachais agus é ag scríobh paimfléidí agus ag tabhairt cainteanna agus ag cur i gcoinne an chórais sin. Ní hamháin sin, ach bhunaigh sé comhlacht foilsitheoireachta. Bhí sé ag foilsiú ábhar ginearálta, ar ndóigh, ach bhí sé go teann i gcónaí i gcoinne Mussolini agus a réimis. Dhiúltaigh sé an mhóid dílseachta a shíniú agus briseadh as a phost é, agus b’éigean don teaghlach dul go dtí áit sábháilte i lár na tíre. in 1938 phós Natalia Leone Ginzburg. Levi an sloinne a bhí uirthi féin, ach i dtosach ama is faoi shloinne a máthar a scríobhadh sí. Nuair a tháinig an tsaoirse in ’45, agus í pósta, ghlac sí sloinne a chéile, agus as sin amach is mar Natalia Ginzburg a scríobh sí. Ach bhí Leone Ginzburg mórán ar aon dul lena hathair, nó fuair seisean post in Torino fosta agus briseadh as a phost ar ball é. Intleachtaigh agus gníomhaithe a bhí iontu agus sin an timpeallacht inar raibh Natalia ag fás aníos. Bhí siad uilig gníomhach i gcoinne na bhFaisistithe. Gabhadh deartháir amháin le Natalia agus a fear céile, agus bhí deartháir eile léi a shnámh thar abhainn éigin go dtí an Eilvéis le héalú. Nuair a tháinig na Naitsithe isteach sa Roimh, tugadh fear céile Natalia, a bhí i bpríosún ag na Faisistigh, tugadh ar láimh do na Naitsithe é. Taobh istigh de thrí mhí bhí sé marbh. Ach ní thagann rudaí mar sin isteach ach go han-éadrom sa scéal.”
Cathal: “Sé, níl siad lárnach sa scéal ach bhíonn sé ag teacht agus ag imeacht.”
Máire: “Ní dhéanann sí scéal mór de, bíodh is go raibh an oiread sin trioblóide aici féin agus ag a muintir – ní bheadh a fhios agat go raibh aon bhaint aici leis, ach ar ndóigh, na pearsana sa scéal, bíonn siadsan ag cur rudaí trína chéile, bíonn siad ag argóint le chéile…”
Cathal: “Tá an dá thaobh sa scéal, na Cumannaithe agus na Faisistigh.”
Máire: “Go díreach.”
Cathal: “An leabhar sin agus cuid de na cinn eile atá luaite againn, is mná a scríobh na bunleabhair, an bhfuil tarraingt ar leith agat i dtreo ghuth na mban?”
Máire: “Bhuel, bhí i gcónaí. Na mná seo, Ginzburg agus Murgia, bhi siad neamhghnách, deirimse leat. An cuimhin leat Bernadette Devlin? Bhí an bhean a scríobh Athmháthair mar sin, bhí sí lán de phaisean faoi na rudaí a chreid sí iontu as a hóige, agus chuir sin go leor daoine ina coinne, daoine san eaglais agus eile. Ach fuair mé amach ó shin go raibh ardcháilíocht ag Murgia i ndiagacht na scol; bhí sí ag múineadh an teagasc críostaí nuair a bhí óg, agus ag obair le gléasra núicléach ina dhiaidh sin ! Bean as an gcoiteann a bhí inti-se, cinnte. Ní shílim gur aistrigh mé aon leabhar a scríobh fear ariamh, ach … ní déarfainn liom féin ‘ó caithfidh mé leabhair le mná a aistriú nó a léamh’ … ach b’fhéidir go bhfuil an ceart agat!”
Cathal: “Elsa atá ar an phríomhcharachtar atá in ainm is a bheith ag scríobh an leabhair seo, nach é? Scéal s’aicise atá ann ach níos mó ná sin is cineál de scéal an phobail sin atá ann – níos mó ná scéal aonair.”
Máire: “Tosaíonn sí ag rá go raibh triúr mac agus beirt níonach ag an tseanfhear ar leis an mhonarcha agus insíonn sí dúinn cad a tharla do gach duine acu sin as a chéile, agus gur as an bhaile beag seo iad uilig, agus dár ndóigh, sin é an saol … na rudaí a tharlaíonn do dhaoine in áit bheag nach bhfuil ag déanamh aon bhladhmann ná dada ach ag iarraidh saol a chaitheadh.”
Cathal: “Agus tá barúil ag gach duine faoi gach duine eile sa leabhar…”
Máire: “Cinnte, cinnte. An bhfuil a fhios agat, níl a fhios agam an mbeadh sí sásta liom, ach ceapaim in amanna go bhfuil sí an-ghreannmhar, na rudaí a deir sí … bhí sí greannmhar!”
Cathal: “Anois is arís, tá abairt thall is abhus agus ní raibh a fhios agam cén dóigh ar cheart dom glacadh leis an abairt.”
Máire: “Sea, cineál íorónta ar bhealach in uaireanta, ach ina dhiaidh sin déarfadh sí nach mbeadh sí ag fáil lucht ar éinne ach ‘Ní mise a déarfas cén sóirt é!'”
Léigh Máire sliocht óna leabhar úr ansin agus ina dhiaidh sin shínigh sí cóipeanna dá leabhar don lucht féachana.
Thar cheann Éabhlóide, ghabh Eoghan Mac Giolla Bhríde buíochas le gach duine a tháinig chuig an tseoladh, le Chlár na Leabhar Gaeilge a thug tacaíocht don leabhar agus le hEalaín na Gaeltachta a thug tacaíocht don ócáid.
Tá an leabhar Glórtha an Tráthnóna ar díol sna siopaí leabhair agus ón tsuíomh idirlín anseo ag eabhloid.com