Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile

Bailiúchán dánta le hAilbhe Ní Ghearbhuigh

Buaiteoir

Oireachtas Comórtas Liteartha, Dán

11/2022

Buaiteoir

Oireachtas Comórtas Liteartha, Cnuasach Filíochta

11/2022

Tonn Teaspaigh le Ailbhe Ní Ghearbhuigh cnuasach filíochta

Bailiúchán nua dánta leis an bhfile aitheanta Ailbhe Ní Ghearbhuigh as Ciarraí. Sna dánta seo cuireann an file síos ar an mháithreachas agus ar shaol na máthar ag tógáil linbh óig agus tugann sí guth d’eispéireas na mban sa saol comhaimseartha. Tugann sí a dhúshlán de go leor den insint seanchaite atá ann faoi ról na mban sa sochaí agus déanann sí é go fíor, paiteanta agus go liriciúil.

Meáchan18 kg
Toisí192 × 152 × 14 mm
ISBN

Líon leathanaigh

96

..File atá lán d'fhéinfheasacht drámata agus de ghrá, atá lán d'aoir nuair a thagann sé go clann agus teaghlach, agus atá lán de thuairimí glinne nuair a thagann sé go comharsanacht agus dúiche na n-aislingí...

Ceaití Ní Bheildiún agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh: Saothair Filíochta á phlé acu le Helen Ní Shé.

An ceann is mó a sheasann amach dom féin sílim, nó Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile ... bhuaigh an cnuasach seo an duais mór filíochta ag an Oireachtas... Léigh mé é agus mé ag teacht chugam féin i ndiaidh COVID agus bhí sé chomh suaimhneach é á léamh, ach tá dánta iontacha ann faoi chúrsaí máithreachas...

Is Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile an tríú cnuasach filíochta ó Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus tá an lucht léitheoireachta agus na duaiseanna atá bailithe aici tuillte go maith aici. Mar atá tugtha faoi deara ag Daniela Theinová ina réamhrá léargasach do Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile, tá cuid mhaith d'ouvre an fhile seo tugtha suas dó mhionscrúdú an ghrá. Is cnuasach thar a bheith tarraingteach eile ó Ailbhe Ní Ghearbhuigh é Tonn Teapaigh agus Dánta Eile.