Caitlín Nic Niallais

Scéalta Draíochta Mhicí Sheáin Néill

Bailiúchán scéalta béaloidis a d’aithris an seanchaí Micí Sheáin Néill as Rann na Feirste.

Ba scothscéalaí agus seanchaí é Micí Sheáin Néill Ó Baoill a mhair i Rann na Feirste sa chéad seo caite. Thiocfadh scoláirí agus bailitheoirí béaloidis ó gach cearn le héisteacht lena shruth binn cainte ag aithris scéalta a tháinig anuas chuige thar na glúnta. Is éard atá sa leabhar seo ná bailiúchán de na scéalta draíochta a d’inis Micí Sheáin Néill agus nach bhfuil ann ach an aon insint amháin daofa scríofa síos sa bhailiúchán atá i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, curtha in eagar ag Caitlín Nic Niallais. Tá ocht gcinn déag de scéalta draíochta ina n-iomláine anseo, scéalta samhlaíocha a mbíonn daoine ag eitilt tríd an spéir iontu, ina gcastar le fathaigh agus le beithígh neamhshaolta iontu agus ina dtagann laochra ar ais ón bhás. Tá siad scríofa anseo díreach mar a d’inis Micí iad sa dóigh is go mbeidh glúnta eile de léitheoirí agus d’éisteoirí ábalta sult a bhaint as an tsaibhreas atá fite go dlúth iontu.

Meáchan.3 kg
Toisí190 × 210 × 17 mm
ISBN

Is mór an t-ardú croí é ceann ar bith de na scéalta iontacha seo a léamh. Tá saibhreas na scéalaíochta traidisiúnta ar achan leathanach den leabhar. Tá draíocht le fáil sna scéalta seo uilig agus tá draíocht eile ina n-insint ag máistir na scéalaíochta as Rann na Feirste. Tá féasta scéalaíocht sa leabhar seo a osclóidh saol eile amach roimh an léitheoir sin.

..bhí samhlaíocht agus scéalaíocht i gceist; ábhar a spreag gáire agus iontas, scéaltaí a thug léargas ar mheon eile, ar thraidisiún eile, ar mhodh eile machnaimh... Is maith go bhfuil leabhar éifeachtach álainn eile le fáil ag glúin nua léitheoirí...