![Jidi Majia Tabla](https://eabhloid.com/wp-content/uploads/2025/01/Jidi-Majia-Tabla-scaled.jpg)
Jidi Majia
Óid do Chaora Dhubh Jilebute
Aistriúchán úr Gaeilge ar rogha dánta ón mórfhile Síneach Jidi Majia, déanta ag an sárscríbhneoir agus sárfhile Gabriel Rosenstock.
Tá Jidi Majia ar dhuine d’fhilí móra na mionlach dúchasach sa tSín agus tá cáil air ar fud an domhain as a chuid filíochta. Baineann Jidi Majia le treibh dhúchasach an Yi agus ina chuid filíochta go minic scrúdaíonn sé an oidhreacht shaibhir sin as a dtagann sé, ag úsáid na scéalta, an mhiotais, na teanga agus an chultúir le tábhacht na n-ealaíon agus na cruthaitheachta a chur trasna. Feictear téamaí an nádúir, truailliú na timpeallachta agus caidreamh idirnáisiúnta ina shaothar agus ceisteanna móra an domhain a phlé aige. Tá go leor duaiseanna móra buaite ag Jidi Majia sa tSín agus thar lear ó bhuaigh sé príomhdhuais fhilíochta a thíre i 1986 – Duais Náisiúnta Filíochta na Síne – leis an chnuasach Amhrán mo Chéad Ghrá (Song of My First Love). Tá a shaothar aistrithe go níos mó ná 20 teanga ar fud an domhain. Scríbhneoir mothálach neamheaglach é a dhéanann comóradh ar a dhaoine agus is file é a léiríonn meas don timpeallacht agus don domhan íogair ina mairimid.
Is traschruthú é i nGaeilge an leabhar seo ar bhailiúchán de dhánta le Jidi Majia a thagann chugainn tríd na haistriúcháin Bhéarla a rinne an t-aistritheoir Jami Proctor Xu ar a chuid filíochta agus tugann siad léiriú iontach dúinn ar an ard-ealaín a bhaineann le cuid filíochta Jidi Majia.
Meáchan | 156 kg |
---|---|
Toisí | 188 × 120 × 8 mm |
ISBN | |
Lch |
![](https://eabhloid.com/wp-content/uploads/2023/10/cream-curves.png)