Máire Dinny Wren

I Muinín na nDúl

Bailiúchán haikuanna le Máire Dinny Wren

Is geall le haislingí beaga na dánta seo; seoda smaointeoireachta, criostalaithe i bhfoirm an Haiku, a thugann móimintí léargais dúinn. Dánta a dhéanann ceiliúradh ar an nádúr dhúchasach ina músclaítear ár gcéadfaí ionas go ndéantar an cheangal atá againn leis an fhiadhúlra a dhaingniú. Is línte machnaimh ar an timpeallacht iad, a bhfuil macallaí láidre na Luath-Ghaeilge iontu. Dánta beaga iad, a phléann le ceisteanna móra.

“Tá na radharcanna a nochtar dúinn anseo chomh snoite gléghlan le liricí na Moch-Ghaeilge: éachtaintí gleoite impriseanaíocha, ar ábhar taitnimh iad don té a chaitheann tamall ag blaisínteacht orthu” – Tadhg Ó Dúshláine.

As Cois Cláidí i nGaoth Dobhair do Mháire Dinny Wren. Tá dhá bhailiúchán filíochta léi foilsithe, Ó Bhile go Bile (Coiscéim 2011) agus Tine Ghealáin (Éabhlóid 2019) agus cnuasach gearrscéalta, Go mbeinnse choíche saor (Éabhlóid 2016). Foilsíodh ceithre ghearrscéal léi sa chnuasach Go dtí an lá bán (Éabhlóid 2012) agus tá scéal léi sa bhailiúchán Bláth na dTulach (Éabhlóid 2021).
Tá saothair léi foilsithe in irisí ar nós Poetry Ireland Review, Duillí Éireann, Comhar, an tUltach, Feasta, an Timire, Poblachd nam Bàrd, Listowel Writers’ Week, Winners Anthology 2010 agus Strokestown Poetry Anthology 3.

Meáchan.097 kg
Toisí136 × 108 × 12 mm
ISBN

Lch