Máire Dinny Wren, Síle Uí Ghallchóir, Máirín Uí Fhearraigh agus Brighid Uí Mhonacháin

Go dtí an lá bán

Cnuasach Gearrscéalta

Cnuasacht gearrscéalta ó cheathrar scríbhneoirí as Tír Chonaill leis na scéalta go léir ar fáil mar chlosleabhar ar an tsuíomh www.an-la-ban.ie áit a bhfuil taifeadtaí de na scéalta á n-aithris ag léitheoirí ó Ghaeltacht an Iarthuaiscirt.

Tá ábhar machnaimh sna gearrscéalta seo agus is cuma cé acu a bhfuil na scéalta ag plé le cúrsaí grá, le foréigean nó le béaloideas, tá meon na mban chun tosaigh iontu. Is toradh iad ar obair an Chiorcail Scríbhneoireachta i nGaoth Dobhair agus tugann an bailiúchán léargas maith ar éagsúlacht agus ar réimse saothair an Chiorcail.

Téigh chuig an suíomh idirlín www.an-la-ban.ie le theacht ar na taifid fuaime, nó éist leo mar phodchraoltaí ar na hardáin phodchraolta faoin ainm: Go dtí an Lá Bán.

Meáchan135 kg
Toisí198 × 127 × 10 mm
ISBN

Scéalta atá ag tarraingt as taithí saoil agus béaloidis....Scéalta láidre corraitheacha...Saothar thar a bheith fiúntach.

Tá an dráma Thar an Tairseach le Máire Dinny Wren le cloisteáil ar shuíomh idirlíon RTÉ 1 agus ó thús deiridh tá Gaeilge bhlásta, shaibhir le cloisteáil ann. Léiriú atá sa dráma seo ar ghearrscéal ar an ghearrscéal 'Thar an Tairseach' atá le fáil sa leabhar 'Go dtí an lá bán' a chuir eabhlóid in eagar.