Máire Nic Mhaoláin

Glórtha an Tráthnóna

Úrscéal le Natalia Ginzburg, aistritithe ón Iodáilis ag Máire Nic Mhaoláin, buaiteoir Ghradaim de Bhaldraithe 2024.

Ní ardaíonn Ginzburg choíche a glór, ní théann sí choíche thar fóir, ní thugann sí choíche breithiúnas. Cosúil le Chekhov, tá a fhios aici cén uair le seasamh siar agus le ligean dá carachtair a saolta féin a nochtadh, a gcuid laigí agus a gcuid láidreachtaí, a mbréagbharúlacha agus a mbuarthaí príobháideacha féin. Is é an toradh a bhíonn air sin ná scríbhneoireacht atá beagnach tréshoilseach – scríbhneoireacht atá chomh glan, díreach sin, go sílfeá é a bheith simplí agus, mar bheadh draíocht ann, go mothaíonn an léitheoir go bhfuil sé ag blaiseadh an tsaoil den chéad uair.”
Michiko Kakutani, The New York Times.

Faoi ainm cleite a foilsíodh an chéad úrscéal a scríobh Natalia Ginzburg i 1942, ach fán bhliain 1947 bhí sí saor le scríobh faoina hainm féin. Tháinig rabharta úrscéalta uaithi as sin amach, mar aon le haistí, gearrscéalta, agus eile. Áirítear í ar mhórscríbhneoirí Iodáilise a linne.
I 1961 a tháinig Le voci della sera amach. Tá an scéal suite i mbaile tuaithe in iarthuaisceart na hIodáile sna 1940í. Ríomhtar an scéal trí shúile mná óige, agus faightear spléachadh ar a saol siúd agus ar shaol na gcomharsan, go háirithe ar imeachtaí an dream ar leo an mhonarcha ar a bhfuil an dúiche ar fad beo. Tá cúrsaí polaitiúla agus sóisialta i gceist, chomh maith le cúrsaí grá agus pósta, rudaí nach ritheann go réidh do dhuine ar bith san áit, agus ní taise do bhean inste an scéil é. Tá lámh éadrom ag an údar ar an insint, agus súil ghéar, agus cluas ghéar, agus ligtear do phearsanra an scéil iad féin a léiriú, an-mhinic, trí ráitis a mbéil féin.
Ón eagrán Iodáilise a d’fhoilsigh Einaudi i 1971 (athchló 1979) a aistríodh Glórtha an Tráthnóna.

Aistrithe ón Iodáilis ag Máire Nic Mhaoláin, buaiteoir Ghradam de Bhaldraithe, 2024.

Lch