Eoghan Mac Giolla Bhríde

CNÁMH

Cnuasach gearrscéalta le Eoghan Mac Giolla Bhríde

Buaiteoir

An Post Foras na Gaeilge Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana

11/2020

Buaiteoir

Oireachtas Comórtais Liteartha, Saothar Próis

11/2018

Bailiúchán gearrscéalta ón scríbhneoir Chonallach, Eoghan Mac Giolla Bhríde. Scéalta bunaithe ar shochaí ár linne ina gcuireann sé síos ar an saol réalaíoch atá ann anois.

Bhuaigh an cnuasach seo Duais an tSaothair Próis i gComórtas Litríochta an Oireachtais 2018.

Léirmheas:

“An rud is annamh is iontach. Is mó duine a thugann faoi ghearrscéal a scríobh ach ní go rómhinic a éiríonn le scríbhneoir saothar a cheapadh a théann i bhfeidhm ar an léitheoir ar bhealach dodhearmadta, faoi mar a tharlaíonn i sciar de scéalta an chnuasaigh seo. Níl aon drochscéal ann agus tá móimintí léargais áille ann. Mar sin féin, ní éiríonn an insint maoithneach riamh agus tá fuil agus feoil na daonnachta – bíodh an duine leonta, lochtach féin – ann ó thús deireadh.

Tá grá mar bhunchloch na scéalta seo – grá an údair don bheatha agus do dhaoine leonta neamhfhoirfe a ré. Ach má tá substaint agus lón anama anseo, tá éadroime agus éascaíocht chomh maith agus beidh fonn ar an léitheoir na leathanaigh a chasadh go tapaidh agus an leabhar a léamh ó chlúdach go clúdach go cíocrach. Bua mór eile de chuid an leabhair nó go n-aithnímid an saol atá faoi thrácht ann – seo ár ré féin agus á muintir féin.

Comhlíonann an cnuasach seo an aidhm is feidhm leis an litríocht: cuireann sé breis lenár léamh ar an domhan timpeall orainn agus cuireann sé lenár dtuiscint ar ár gcomhdhaoiní. Sin é is bun agus barr leis seánra an ghearrscéil. Creidimid sna carachtair agus bíonn bá againn leo.

Tá na scéalta simplí sa chiall is fearr den fhocal sin agus an teanga agus an scéal lán-oiriúnach dá chéile.

Níl aon fhocal nó abairt ann nach gá é; ní thugtar aon sonra nach bhfuil feidhm aige agus is cás linn na carachtair a gcasaimid leo. Ceardaí oilte an scríbhneoir a thuigeann conas scéal a nochtadh le leidí agus a thuigeann nach gá dul i muinín na tuairisce (galar tógálach na gearrscéalaíochta go minic). Tá scríbhneoir cruthanta anseo, duine nach mór dóibh scríobh agus nach mór dúinne léitheoirí a saothar nó a shaothar a léamh. Ghealaigh an saothar mo chroí. Mairimíd beo.”

–An Dr Róisín Ní Ghairbhí.

Meáchan.185 kg
Toisí198 × 127 × 14 mm
ISBN