Pádraig Ó Tiarnaigh

Cloch in Áit an Charnáin

Seán Ó hEochaidh: Bailitheoir Béaloidis

Is cruinnchuntas é an leabhar seo ar shaol agus ar shaothar an bhailitheora
bhéaloidis ba tháirgiúla dá raibh in Éirinn sa 20ú haois, Seán Ó hEochaidh.

Thar thréimhse de bhreis is caoga bliain, thaistil Ó hEochaidh casbhóithre agus cúlbhóithre Ghaeltacht Thír Chonaill, ag bailiú scéalta, amhráin agus béaloideas a bhí tugtha ar aghaidh ó ghlúin go glúin ag muintir na háite leis na céadta bliain. Rinne sé sciar suntasach den tsaibhreas chultúrtha sin a chaomhnú dúinne sula gcaillfí go deo é. I ndiaidh blianta fada de staidéar cúramach a dhéanamh ar dhialanna Uí Eochaidh, cuireann Pádraig Ó Tiarnaigh léirmheas géar ar oidhreacht an bhailitheora inár láthair, ag cur béim, ní hamháin ar an ábhar luachmhar a bhailigh sé, ach ar an chomhthéacs chultúrtha agus ar an chineál saoil a bhí ag dul i léig lena linn. Tugann sé léargas úr ar an chaidreamh a bhí ag Ó hEochaidh lena
fhostóir, Coimisiún Béaloideasa Éireann, agus lena cheannasaí, an Stiúrthóir Séamus Ó Duilearga, agus déanann sé anailís ar an chaidreamh chorrach sin a mhair thar leathchéad bliain.

Sa leabhar seo, faightear léargas grinn ar ghairm bheatha Sheáin mar a bhreac sé féin síos é, na nósanna oibre a bhíodh aige ó lá go lá, na carachtair, cairde agus cuairteoirí a mbíodh sé ag plé leo i gcaitheamh na mblianta, agus lonraítear solas úrnua ar bhaicle de na seanchaithe, scéalaithe agus amhránaithe ab fhearr riamh anall. Léitheoireacht riachtanach é seo do scoláirí béaloidis, do lucht staidéir teanga agus staire, agus do dhuine ar bith a bhfuil dúil aige i scéal maith a insítear go beo bríomhar.

Meáchan800 kg
Toisí235 × 150 × 25 mm
ISBN

978-1-914482-02-1