Gemma Nic Conchra

Caoilte Caillte sa Mhúsaem

Leabhar pictiúr do dhaoine óga 5-9 bliain

Ryan Tubridy le Caoile Caillte

Is buachaill grámhar é Caoilte ach bíonn sé i dtrioblóid ó am go ham mar gheall ar na rudaí a dhéanann sé. Nuair a théann an rang ar thuras scoile go Músaem Stair an Dúlra, bíonn Caoilte fiosrach, mar a bhíonn i gcónaí, agus faigheann sé isteach i dtrioblóid arís. Casann Caoilte le hainmhithe coimhthíocha a chuireann eagla air ar tús, ach bíonn siad cairdiúil leis agus réitíonn gach rud amach go
maith sa deireadh.
Is leabhar spraíúil é seo atá lán de shamhlaíocht agus le neart léaráidí gleoite ann a thaitníonn go mór le páistí idir 6-9 bliana d’aois. Tá an leabhar deartha i stíl shoineanta pháistiúil, rud a dhéanann éagsúil é ó leabhair eile. Tá go leor le feiceáil sna léaráidí, a tharraingíonn aird na bpáistí agus a spreagann an samhlaíocht.
Is scéal deas simplí é Caoilte Caillte sa Mhúsaem agus tá Gaeilge shimplí síos tríd atá fóirsteanach do dhaoine óga atá ag foghlaim Gaeilge. Tá léaráidí ann atá tarraingteach d’aos óg atá cleachtaithe le hard-chaighdeán agus sofaisticiúlacht.

Gemma Nic Conchra

Is duine díograiseach í Gemma atá paiseanta faoin ealaín, faoi chultúr na Éireann agus faoi cúiseanna sóisialta. D’fhreastail sí ar scoileanna Gaeilge, Scoil Naithí agus Coláiste Íosagáin i mBaile Átha Cliath. D’fhreastail sí ar Institiúid Theicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus bhain sí céim amach in Ailtireacht agus Dearadh. Chaith sí cúig bliana ag obair mar ailtire agus mar dhearthóir. D’éirigh léi scoláireacht a bhaint amach leis an ealaíontóir Adrienne Geoghegan, áit ar chaith sí bliain faoina stiúir. Rinne sí teastas iarchéime ina dhiaidh sin i gColáiste Bhreisoideachais Bhaile Formaid i 2016/17 chun staidéir a dhéanamh ar ealaín agus ar léaráidíocht. Is breá léi a bheith ag tarraingt agus ag scríobh agus ag obair le páistí. D’obair sí go deonach leis an togra ‘Solas’ i
mBaile Átha Cliath agus rinne sí roinnt tionscnaimh ealaíne le Togra Óige Rialto in 2018.
D’obair Gemma mar chúntóir leis an ealaíontóir Fiona Whelan ar thionscnamh dar teideal “What does he need?” píosa ealaíona le daoine ó Rialto a thugann a dhúshlán d’fhearúlacht nimhe sa tsochaí.
Faoi láthair tá sí i gceannas ar an Chlár Ealaíona le Comhairle le Leas Óige ar Shráid Cuffe i ndeisceart Bhaile Átha Cliath.
Is é Caoilte Caillte sa Mhúsaem a céad leabhar.

Weight.464 kg
Dimensions305 × 220 × 9 mm
ISBN

Lch

Ba bhreá an rud é an leabhar a fheiceáil in airde ar an stáisiún náisiúnta agus cuireann sé an leabhar chun cinn go mór dúinn. Comhghairdeas le Gemma Nic Conchra, a bhfuil leabhar ghalánta cruthaithe aici. Is mór an t-ardú croí dúinn é ardán a fháil ar an tseó is mó sa bhliain.