Muirghein

Cáitheadh na dTonn

I gCáitheadh na dTonn tá úrscéal atá lonnaithe i nGaeltacht Ghaoth Dobhair chomh maith le dhá ghearrscéal agus dráma a léiríonn saol na ndaoine sa cheantar ag tús an chéid seo caite. Céadfhoilsíodh an leabhar i 1934 agus tá fiúntas ar leith leis as a shaibhreas teanga agus mar fhaisnéis shóisialta. Sa leagan úr seo, tá cóiriú déanta ar an téacs agus é tugtha suas chun dáta le litriú na haimsire seo ach tugtar aird faoi leith ar sheanleaganacha cainte a chuireann go mór le saibhreas scríbhneoireachta an údair.

Tugann Muirghein cuntas beo sa leabhar ar phobal tuaithe atá ag iarraidh a dhul ar aghaidh sa tsaol, léiríonn sé a mbuanna agus na deacrachtaí a dhéanann buartha daofa, agus lena linn sin nochtann sé spiorad dochlaochlaithe an duine ina chuid scéalta. Is taifead údarásach é an leabhar ar shaol an cheantair sna 1920idí agus tugann sé léiriú maith dúinn ar ghnásanna agus ar dhóchas na ndaoine sa phobal Gaeltachta sin ag an am. Feictear an phágántacht ina beatha taobh le taobh leis an Chríostaíocht, saol tuaithe faoi bhrú ag an imirce, agus is súil ghlinn siar é ar shaol na ndaoine i dtír a raibh athruithe móra ar cois inti.

Meáchan.25 kg
Toisí197 × 130 × 18 mm
ISBN

9780995611900