Cur síos
Amhráin agus dánta, á gceol agus á n-aithris ag páistí scoile ó Ghaeltacht Thír Chonaill
Ghlac 58 páiste as 12 bunscoil Gaeltachta páirt sna taifid, ag cheol agus ag aithris amhráin agus dánta traidisiúnta mar ‘Báidín Fheidhlimidh’, ‘A Nóra Bheag’, ‘Mo Mhadadh Beag’, ‘A Stór, a stór, a ghrá’ agus go leor eile atá ar fáil ar dhlúthdhiosca leis an leabhar.