I nGaoth Dobhair i dTír Chonaill a rugadh agus a tógadh Pádraig Ó Gallchobhair. Ba é Muirghein a ainm cleite. Tháinig sé ar an tsaol i Machaire Chlochair ar an 27 Feabhra 1893. Ba mhac é le Seán an Dubhaltaigh Ó Gallchobhair, a bhí lárnach i gCogadh na Talún fá cheantar Ghaoth Dobhair ag deireadh an naoú céad déag. Chuaigh Pádraig go scoil Chnoc an Stolaire ina óige agus fuair sé scoláireacht a thug go Coláiste Adhamhnáin i Leitir Ceanainn é i 1906. As sin, chuaigh sé go Coláiste Phádraig i nDroim Conrach, áit ar oileadh é mar mhúinteoir scoile i 1914. Theagasc sé ar an Cheathrú Cheanainn ar feadh tréimhse agus bhíodh sé ag teagasc i gColáiste Uladh i nGort an Choirce. Aistríodh go Gaoth Dobhair é i 1923, áit a raibh sé ag teagasc i Scoil Mhuire Dhoirí Beaga agus ina dhiaidh sin rinneadh ardmháistir de ar Scoil Adhamhnáin, an Luinnigh. Ceapadh é mar chigire bunscoile i 1929. D’aistrigh sé go dtí an Caisleán Riabhach i gCo. Ros Comáin ar feadh bliain go leith agus ina dhiaidh sin chuaigh sé go Gaillimh. Aistríodh é go Baile Átha Cliath i 1939, áit ar chaith sé an chuid eile dá shaol. D’éirigh sé as a phost mar chigire i 1958. Bhí sé pósta ar Mhairéad Ní Fhearraigh as Gort an Choirce agus bhí seachtar clainne acu: Niall, Seán, Pádraig, Máire, Dympna, Nuala agus Brighid. Bhí sé mar bhall bunaidh de Ghalfchumann Ghaoth Dobhair sna 1920idí. Bhí dáimh mhór aige ariamh le Gaoth Dobhair agus philleadh sé ar an cheantar gach bliain lena chlann.
Fuair Pádraig bás i mBaile Átha Cliath ar an 10 Márta 1961 agus cuireadh é i reilig Mhachaire Gathlán.