Rugadh Nuala Ní Ghallchóir ar an Cheathrú Cheanainn in aice leis an Fhál Charrach in Iarthuaisceart Dhún na nGall ar an 22ú Feabhra 1920 áit a raibh a hathair ag teagasc ag an am. Bhog an teaghlach go dtí an Bhun Bheag i nGaoth Dobhair agus is ann a tógadh Nuala. Nuair a rinneadh cigire bunscoile dá hathair, d’aistrigh an teaghlach go Ros Comáin, ansin go Gaillimh agus go Baile Átha Cliath fá dheireadh, áit ar chaith Nuala bunús a saoil ina dhiaidh sin. D’fhreastail Nuala ar mheánscoil na nDoiminiceach i nGaillimh agus ar an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath áit ar bhain sí céim amach sa Léann Cheilteach. Thosaigh sí a saol múinteoireachta i gColáiste Bhríde ar an Fhál Charrach (coláiste ullmhúcháin do chailíní) agus ansin le Coiste Gairmoideachais Chontae na Mí, ag rothaíocht ó áit go háit ag teagasc Gaeilge sa tráthnóna agus cónaí uirthi i Maigh Dearmhaí. Chaith sí an chuid eile dá saol múinteoireachta le Coiste Gairmoideachais Bhaile Átha Cliath — mar mhúinteoir Gaeilge ar Bhóthar Chromghlinne agus i Ráth Maonais. Bhí dáimh mór ag Nuala le Gaoth Dobhair agus bhí dlúthcheangal aici lena teaghlach i gcónaí. Bhí meas mór ag an aos óg ar Nuala, ag a cuid mac léinn, agus go speisialta ag a nianna agus a neachtanna féin. Bhí Nuala óg ina meon agus dearcadh nuaaimseartha aici ar an tsaol. Bhain sí sult i gcónaí as a gcairdeas agus as a gcomhluadar, agus bhí meas mór ag achan duine acusan uirthi fosta. Ba iníon í Nuala leis an scríbhneoir Pádraig Ó Gallchobhair (Muirghein) as Gaoth Dobhair a scríobh an leabhar Cáitheadh na dTonn atá athfhoilsithe ag Éabhlóid (2017).