Nellie Nic Giolla Bhríde

Ba mhúinteoir bunscoile as an Charraic i nGaoth Dobhair í Nellie Nic Giolla Bhríde a raibh suim mhór aici i gceol agus i scríbhneoireacht. Ar Scoil Chonaill an Bun Beag a chaith sí bunús a saol múinteoireachta agus theagasc sí ceol do scoláirí ansin chomh maith le ranganna ceoil a thabhairt taobh amuigh d’amanna scoile. Scríobh sí go leor lúibíní agus agallaimh beirte chomh maith le dánta agus amhráin do na scoláirí agus a comharsan. Is iomaí scoraíocht a scríobh sí agus gach bliain chuirfeadh sí scoraíocht úr ar stáitse ag Oireachtas na Gaeilge. Bhí suim ag Nellie i dtaisteal chomh maith agus scríobh sí an leabhar Mise agus na Maighigh (Coiscéim, 2003) ag cur síos ar a seal gairid i nGuatamala i Meiriceá Lár. Nuair a d’éirigh sí as an mhuinteoireacht, chur Nellie le chéile na dánta agus na ramáis a bhí scríofa aici thar na bliana agus cuireadh amach Ící Pící (Éabhlóid 2010) agus Ní Thuigimse Daoine Fásta (Éabhlóid 2012), bailiúcháin de amhráin agus ramáis a scríobh sí. Fuair Nellie bás ar an lá deireanach de mhí Mheán an Fhómhair 2023.

To top