Is file bisiúil aitheanta é Louis de Paor a rugadh i gCorcaigh. Bronnadh PhD air sa Nua-Ghaeilge ó Ollscoil na hÉireann i 1986 as a thráchtas ar Mháirtín Ó Cadhain. Bhí de Paor mar eagarthóir ar an iris ceannródaíoch Innti, a bhunaigh Michael Davitt, Nuala Ní Dhomhnaill, Liam Ó Muirthile agus Gabriel Rosenstock i 1970.
D’oibir De Paor le scríbhneoirí Gaeilge ar nós Seán Ó Tuama, lenar chuir sé cnuasach d’fhilíocht an fichiú haois le chéile, Coiscéim na hAoise seo (Coiscéim, 1991). Rinne sé staidéar ar ghnéithe shíceolaíochta de shaothar Mháirtín Uí Chadhain, a fhoilsíodh mar Faoin mBlaoisc Bheag Sin (Coiscéim, 1991).
Tá go leor duaiseanna liteartha Oireachtais bronnta ar de Paor thar na blianta; bhuaigh a chéad chnuasach, Próca solais is luatha (Coiscéim, 1988) Duais an Ríordánaigh, duais atá buaite arís eile aige ó shin. I measc a chuid cnuasaigh eile tá 30 Dán (Coiscéim, 1992), Corcach agus dánta eile (BÁC: Coiscéim, 1999) agus Agus rud eile de (Coiscéim, 2002).
D’fhoilsigh sé dhá chnuasach as tréimhse de bhlianta a chaith sé san Astráil: Aimsir bhreicneach / Freckled weather (Leros Press, 1993) agus Ríleanna báistí (Cló Iar-Chonnachta, 1992).
Chuir sé eagar ar rogha dánta le Michael Davitt: Freacnairc Mhearcair: Rogha Dánta/The Oomph of Quicksilver: Selected Poems (Cló Ollscoil Chorcaí, 2000) agus sna blianta ina dhiaidh sin d’fhoilsigh sé na cnuasaigh Ag Greadadh Bas sa Reilig (Cló Iar-Chonnacht, 2005) agus Cúpla Siamach an Ama (Coiscéim, 2006). In 2016 a d’fhoilsigh sé Grá Fiar (Coiscéim, 2016).
Chnuasaigh sé dánta comhaimseartha le filí éagsúla i Leabhar na hAthghabhála/Poems of Repossession (Bloodaxe Books/Cló Iar-Chonnacht, 2016), ina dtugtar aistriúcháin Bhéarla agus réamhrá léirmhínithe.
Tá a stíl, ina raibh éadroime, soiléireacht agus insint dhíreach le sonrú inti ó thús, ag aibiú le ham agus ag éirí níos casta, cé gur file ‘poiblí’ atá ann, go pointe áirithe, i gcónaí. Tá cuid mhór dá shaothar foilsithe go dátheangach.
Tá comhoibriú déanta ag De Paor le ceoltóirí traidisiúnta ar nós an píobaire Ronan Browne, agus an t-amhránaí sean-nóis Naisrín Elsafty.
Tá Louis de Paor ina Stiúrthóir ar Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na Gaillimhe.