Is ealaíontóir agus scríbhneoir í Aileen Crossley a bhfuil duaiseanna buaite aici as a cuid oibre. Bhuaigh sí dhá dhuais ag an Irish Design Awards don bheochan ‘íomhá ar íomhá’ gainimhe Wishing Well a rinne sí do Paul Hourican in 2019. In 2023, d’fhoilsigh Little Door Books a céad leabhar pictiúr Henny is Stuck. Chríochnaigh Aileen MA i Maisiú Leabhar, le hardghradam bainte amach aici, in 2023 leis an leabhar An Áit a nEitlíonn na Madaí Crainn mar a tionscadal deireanach máistreachta. Roghnaíodh an leabhar seo don “Unpublished Picturebook Showcase” mar chuid de dPictus ag an Bologna Book Fair 2024.