Eoghan Mac Giolla Bhríde

Tomhas orm, tomhas ort!

Leabhar tomhasanna do óg agus do aosta.

illustration of castle

Leabhar tomhasanna do gach aois. Tá thar 100 tomhas bailithe le chéile sa leabhar seo, idir tomhasanna deacra agus tomhasanna furasta. Gach tomhas roghnaithe go cúramach agus sórtáilte i 9 rannóg, ó an-simplí go an-deacair. Tabharfaidh an leabhar seo siamsaíocht agus a dhúshlán d’óg agus d’aosta. Iontach úsáideach mar áis ranga le comhrá a spreagadh agus le saibhreas teanga a thabhairt do scoláirí. Leabhar atá deartha go gleoite le 134 leathanach lándaite. Is áis iontach é sa tseomra ranga chomh maith nó tugann sé go leor deiseanna comhrá agus foghlama do fhoghlaimeoirí gach aois. Roghnaíodh gach tomhas go cúramach as Cnuasach Bhéaloideas Éireann.

Meáchan.440 kg
Toisí196 × 196 × 11 mm
ISBN

Is éard atá ann ná sraith tomhais agus dubhfhocal ó chnuasaigh éagsúla béaloidis. Tá siad rangaithe in ord deacrachta - smaoineamh ana mhaith is ea iad a rangú de réir ranga na sean-fhilí, pictiúr ar leith do gach rang ó Fochlac go Rí Ollamh; agus na cinn éadroime rangaithe faoin ndrúth...Bainim féin agus m'iníon (atá 9) an spraoi as na tomhais a fhiafraí dá chéile agus ar dhaoine eile.