Máire Dinny Wren

Tine Ghealáin

Bailiúchán dánta le Máire Dinny Wren

Ainmnithe

Gradam Uí Shuilleabháin

11/2020

Bailiúchán dánta le Máire Dinny Wren. Tá thar leathchéad dán sa bhailiúchán álainn seo a nochtann croí agus spiorad an údair, a ceantar dúcháis, a cultúr agus a daoine.

‘Téann Máire Dinny Wren i ngleic leis an saol ina iomláine sa chnuasach seo. Cuireann sí síos ar an saol sin de ghuth calma, tréan. Níl focal de bharraíocht sna dánta, níl siolla ar strae. Paeán a dhéanann ceiliúradh ar an domhan thart ar an fhile atá i ngach rann — iad uilig binn, beoga, bríomhar.’

–Réaltán Ní Leannáin

‘Tá ceol dhraíochtúil ag baint leis na dánta sa chnuasach seo — amhail is dá mbeadh fidléir ag seinm sa chúlra agus focail an fhile á dtionlacan ag an gceol.’

–Áine Ní Ghlinn

‘Déanann Máire Dinny Wren dúiche agus dúchas a muintire agus a saol a chíoradh agus a cheiliúradh i stíl ghreanta sna dánta seo. Molaim é.’

–Colette Ní Ghallchóir

‘Tá ceol séisbhinn, cuisle rúndiamhrach agus cantaireacht Chonallach le cloisteáil sa chnuasach úr, fuinte agus snasta seo. Bíonn an file seo ag baint macalla séimh as a réalt eolais féin. Mar a deir sí: Teanann téada mo ghutha le focail mo mheanma is le bé na héigse ’mo threorú, téim mo bhealach féin.’

–Caitríona Ní Chléirchín

Meáchan.155 kg
Toisí192 × 120 × 12 mm
ISBN