
Cnuasach trítheangach é an leabhar seo, a chomórann an ceangal neamhchoitianta atá ag an bhfile Gaeltachta seo leis an Airgintín. Rugadh Áine Uí Fhoghlú (Nic Mhurchadha) in Ambasáid na hAirgintíne i Londain mar a raibh a hathair ag obair agus a teaghlach ar lóistín ag an am. Ba bhaill foirne taidhleoireachta na hAirgintíne sa Bhreatain iad a tuismitheoirí baistí nach raibh aon aithne aici orthu agus í ag fás suas. Ach choimeád a hathair an ceangal beo ina hintinn le linn a hóige le scéalta faoin Airgintín, nó gur chinn sí an teagmháil a athnuachaint. Tar éis na mblianta fada gan toradh ar a cuardach, lá amháin agus í ina seomra ranga ag múineadh rang Gaeilge, tháinig ríomh-phost, scéal ó Carolina, iníon a hathar baistí. Mar sin a athbhunaíodh an nasc agus níorbh fhada gur thug sí turas ar Buenos Aires chun aithne a chur orthu siúd a thug chun na haltóra ina mbaclainn í blianta roimhe sin, lá a baiste.
Comórann an cnuasach filíochta seo an turas sin, agus sa 22 dán atá le fáil i nGaeilge, Béarla agus Spáinnis, tá cur síos dialainne ar na heachtraí, na mothúcháin agus an draíocht uathúil a bhain leis an turas úd. Taitneoidh an cnuasach go mór leo siúd ar deas leo scéalta neamhchoitianta, daonna nó scéalta taistil.
Mar mhaise ar na bundánta, tagann na haistriúcháin chugainn ó chuid de mhórfhilí na hÉireann. Orthu siúd tá Paddy Bushe, Thomas McCarthy, Theo Dorgan, Eibhlís Carcione, Cathal Ó Searcaigh, Catherine Foley, Celia de Fréine, Eiléan Ní Chuilleanáin. Is é an file agus an t-aistritheoir Airgintíneach Jorge Fondebrider a d’aistrigh na dánta go Spáinnis. Tugann na haistriúcháin shnasta seo deis do lucht léitheoireachta leathan blaiseadh den chnuasach ceolmhar seo mar a rinceann damhsóirí tangó taobh le gauchos na machairí, mar a siúlann an léitheoir trí shráidíní reilig ghalánta an Recoleta nó gualainn le gualainn le seanmháithreacha Plaza de Mayo.
Poetry Happening—Áine Uí Fhoghlú
| Meáchan | .193 kg |
|---|---|
| Toisí | 190 × 120 × 15 mm |
| ISBN | |
| Lch |

Ní filíocht dhuairc chráite phiananamúil ifreannchairdeach dhúrmheamnach uafásbheatha ghaelgheoineach í seo, ach a malairt gléghlan. Eachtra ealaíonta í a ardaíonn do chroí mar léiriú go dtagann ann do ghealadh an lae, go bhfuil dúile ann nach dúile amú iad agus go bhfuil an saol mar ba mhaith le do chroí é a bheith agat.
Scéal álainn atá ann agus cnuasach álainn chomh maith... Tá na dánta éagsúil, tá doimhneacht iontu, tá rudaí áille ag baint leo. Bhí na leaganacha Béarla agus na haistriúcháin Spáinnise thar barr, agus arís, saibhríonn sé sin ár gcorpas filíochta. Tá gach rud a bhaineann leis an leabhar seo foirfe... Cnuasach é seo a cúiteoidh do shaothar léitheoireachta leat.
Also in my sight here on my desk is Áine Uí Fhoghlú’s Scéal ó Carolina - News from Carolina – Noticias de Carolina, the trilingual publication of her poems from a new Irish language press, Éabhlóid, It’s a beautifully made book about a journey to Buenos Aires that Áine made to meet her godparents, for the first time since her baptism. With a stellar line up of Irish poets carrying her over from her mother tongue into radiant English and Argentinian poet Jorge Fondebrider bringing them into Spanish. The poems are drenched in the light and intensity of the city...
B'fhéidir go mbeadh suim agat in seo...
Idir an Dá Fhearsaid
Róise Ní Bhaoill




