
Póstaeir
Póstaeir mhóra de léaráidí ón leabhar ‘Fá Bhruach an Chladaigh’ le Cormac Mac Giolla Easpaig, le healaín ó Chris Shields agus ón Scandinavian Fishing Year Book. Tá rogha de 6 phóstaer éagsúil againn, 3 cinn de phóstaeir atá i bhformáid tírdhreacha: An Péist Mhór Dhronnach, An Liamhán Gréine agus An Bradán, agus 3 phóstaer i bhformaid portráide: Cuid d’Éanach an Chósta, Cuid d’Éisc an Chósta agus An Gliomach. Tá gach póstaer ar mhéid 910mm x 610mm agus iad clóite lándaite ar ábhar láidir PVC, rud a chiallaíonn nach stróicfidh siad go furast, nach n-imeoidh dath as, agus gur féidir é a ghlanadh síos le huisce más gá. Dóibh siúd ar mian leo a bpóstaeir a chur i bhfráma, luíonn an póstaer go foirfe taobh istigh de fhráma IKEA RÖDALM 61cmx91cm. (Níl an fráma san áireamh).

B'fhéidir go mbeadh suim agat in seo...
Fá Bhruach an Chladaigh
Cormac Mac Giolla Easpaig
Cloch in Áit an Charnáin
Pádraig Ó Tiarnaigh

















