Diane Ní Chanainn

Mín na Craoibhe

Leabhar amhráin le dlúthdhiocsa ceoil agus íoslódálacha dhigiteach

18.00

Sa leabhar dátheangach seo, cuireann Diane Ní Chanainn síos ar na hamhráin a cheolann sí ar an albam agus míníonn sí an scéal atá ar chúl na hamhráin agus eolas faoin áit a bhfuair sí iad. Tugtar focail na n-amhrán agus aistriúcháin Bhéarla orthu. Labhrann Diane le ceoltóirí mar Máire Ní Bhraonáin (nach maireann), Brian Danny Minnie Ó Domhnaill, Lillis Ó Laoire agus Doimnic Mac Giolla Bhríde agus faigheann sí stair agus scéal na n-amhrán uathu. Ar na taifid de na hamhráin tá tionlacan ag Diane ó Steve Cooney, Dónal O’Connor, Conor McCreanor, John McSherry, Francis McIlduff agus Paul Meehan, chomh maith le tionlacan ó Cheolfhoireann Uladh. Tá réamhfhocal sa leabhar ó Dhónal O’Connor.

Meáchan220 kg
Toisí215 × 162 × 9 mm
ISBN