Róise Ní Bhaoill

Imram agus scéalta eile

Cnuasach Gearrscéalta le Róise Ní Bhaoill

Buaiteoir

An Post Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana 2023

11/2023

Cnuasacht gearrscéalta le Róise Ní Bhaoill.

Tugtar ar thurais muid sna scéalta seo, turais intinne, turais go críocha aduaine, turais go tíortha atá stollta ag an choimhlint agus ag an athrach; ach is turais go croí na daonnachta iad go léir, le daoine atá ag cuartú saol dóchasach úr nó le daoine a bhfuil orthu gníomhú in aghaidh a dtola. I ndomhan a bhfuil mórghluaiseachtaí daonna ag léiriú an éagothromais, feictear an daonnacht ina steillbheatha sna scéalta seo. Inste i nguth tomhaiste deisbhéalach, tá scéalaíocht Rann na Feirste i stíl liteartha chomhaimseartha an lae inniu le sonrú go soiléir sna scéalta seo.

Meáchan.14 kg
Toisí197 × 130 × 11 mm
ISBN

Lch

Cnuasach gearrscéalta fíorláidir eile ó Éabhlóid, lán le daonnacht agus le nóiméidí beaga dóchais agus cumha. Téimid ar thuras i dteannta meitheal carachtar an-éagsúil, gach duine acu níos suimiúla ná a chéile; tumtar sinn in eachtraí a saol agus músclaítear bá as an ngnáth sa léitheoir. Cad eile a theastódh i leabhar ficsin?

Imram is an excellent collection of well written short stories and a pleasure from start to finish. We meet people who have to find a way of dealing with the pressures their lives have put them under. The places, people and predicaments are very different but Róise Ní Bhaoill displays impressive human understanding and sympathy in each and every one.

Tugtar ar thurais muid sna scéalta seo, turais intinne, turais go críocha aduaine, turais go tíortha atá stollta ag an choimhlint agus ag an athrach; ach is turais go croí na daonnachta iad go léir, le daoine atá ag cuartú saol dóchasach úr nó le daoine a bhfuil orthu gníomhú in aghaidh a dtola....Inste i nguth tomhaiste deisbhéalach, tá scéalaíocht Rann na Feirste i stíl liteartha chomhaimseartha an lae inniu le sonrú go soiléir sna scéalta seo.

Éabhlóid a thug dúinn chomh maith Imram agus Scéalta Eile, an chéad chnuasach gearrscéalta le Róise Ní Bhaoil as Rann na Feirste i nGaeltacht Thír Chonaill, saothar a bhuaigh gradam An Post do Leabhar Gaeilge na Bliana.