Éilis Neary

Dóchas Pócas

Scéal draíochtach do pháistí le healaín lámhdhéanta ón údar í féin.

Pictiúrleabhar le hÉilis Neary scríofa i bhfoirm véarsaíochta agus maisithe ag an údar féin le hinspioráid ó na ealaíona dúchasacha ar fud an domhain. Tá an timpeallacht agus an dea-chomharsanacht mar phríomhthéamaí sa scéal seo atá lomlán le draíocht agus le samhlaíocht. Le dea-shampla agus comhoibriú go láidir sa scéal, tugann sé teachtaireacht maith do pháistí faoin dóigh is fearr le bheith rannpháirteach sa tsochaí, a bheith tuisceanach do dhaoine eile agus meas a bheith agat don timpeallacht.

Leabhar pictiúr le clúdach crua.

Meáchan.1 kg
Toisí185 × 125 × 3.5 mm
ISBN

Lch

Clúdach

Crua

Tá rím tríd síos an leabhar agus meadarachtaí éagsúla in úsáid ag an údar. Is í an t-údar a mhaisigh an leabhar chomh maith, agus tá iomhánna áille ann a bhfuil an chuma orthu gurb ón Afraic a tháinig siad. Oiriúnach do pháiste le léamh leo féin nó le cúnamh ó dhuine fásta.