Seán Ó Muireagáin

Bádh B’fhéidir

Scéalta ficsean eolaíochta.

Ainmnithe

An Post Foras na Gaeilge Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana

11/2022

Scéalta ficsean eolaíochta le Seán Ó Muireagáin.

Cuireann Ó Muireagáin saolta osréalacha os ár gcomhair sna scéalta samhlaíocha ficsin eolaíochta seo, saolta diostóipeacha, saolta barbartha, saolta a mbíonn an fhírinne á ceistiú iontu agus a mbíonn rian maith den fhíorshaol le sonrú iontu i gcónaí. Scamhann sé siar na scaireanna chun go bhfeice muid faoin chlúdach bréige, ag nochtadh mhíchothromaíocht an tsaoil seo ina mairimid.

Bhuaigh an scéal ‘An Chóir Chodlata’ Duais an Mhaolánaigh i gcomórtas liteartha an Oireachtais 2018.

Meáchan.216 kg
Toisí198 × 130 × 14 mm

Osclóidh ‘Bádh B’fhéidir’ aigne an léitheora...

Ainmnithe do Ghradam Leabhar Gaeilge na Bliana

..Tá a lán samhlaíocht i gceist leo, agus thaitin sé sin go mór liom...

..Ceann de na scéalta ficsean eolaíochta crua is fearr atá léite agam...

Tugadh ardmholadh don chéad chnuasach gearrscéalta Gáire in Éag (2018) ach má tá claochlú ábhair agus foirme le sonrú sa mbailiúchán seo tá an éascaíocht chéanna sa scríbhneoireacht i gcónaí.

Cúig chinn de scéalta atá sa chnuasach is déanaí ó Sheán Ó Muireagáin, cúig fhís den saol a d'fhéadfadh bheith ann. Cruthaíonn sé cruinne i ngach scéal acu, agus mar is dual do ficsean samhlaíochta maith is é an duine agus a bhéascna agus iarmhairtí a iompair téama gach scéal. Ach níl siad gan dóchas.

Déanann an cnuasach gearrscéalta ficsean eolaíochta seo ón údar Bhéal Feirsteach Seán Ó Muireagáin an teorainn idir an fíorshaol agus ficsean a dhoiléiriú lena stíl dhiostóipeach.

Seo ceann de na cnusaigh gearrscéalta is fearr dar tháinig amach le cúpla bliain...

..Is leabhar foirfe atá ann, molaim go láidir é!