
Meaigí Eoghanaí Nic Pháidín i gcomhrá le hEoghan Mac Giolla Bhríde
Cuimhní Céid – Meaigí Eoghanaí Nic Pháidín
Leabhar chomórtha ar Mheaigí Eoghanaí as Inis Bó Finne a bhí céad bliain d’aois ar an 1ú Meitheamh 2026
Leabhar chomórtha í seo ar bhean faoi leith as Inis Bó Finne — Meaigí Eoghanaí Nic Pháidín, agus í ag ceiliúradh 100 bliain ar an tsaol seo. Is bean í a chonaic an saol ag athrú thart uirthi, ach a d’fhan dílis i gcónaí dá dúchas, dá teanga agus dá pobal.
Ón Ghárradh Bhán go Glaschú, ón saol crua oileánda go blianta i bhfad ón bhaile, faigheann muid blaiseadh beag ina cuid focal féin den tsaol a chaith Meaigí sa chomhrá seo a bhí aici le hEoghan Mac Giolla Bhríde agus le hÉamonn Mac Fhionnghaile in Earrach na bliana seo, 2026.
Blúirín beag den tsaibhreas atá ag Meaigí atá sa leabhar seo, ach tá súil againn go gcuireann sé leis an chomóradh chroíúil ar shaol fada saibhir, agus ar bhean a bhfuil meas agus grá ag a muintir agus ag a comharsanaigh uirthi.
| Meáchan | .322 kg |
|---|---|
| Toisí | 216 × 160 × 11 mm |






