Áine Uí Fhoghlú ag léamh óna cnuasach nua filíochta Scéal ó Carolina ag seoladh an leabhair
Tháinig slua breá isteach go Seomra Coiteann na Foirne i gColáiste na hOllscoile i gCorcaigh Déardaoin chuig seoladh an leabhar úr filíochta le hÁine Uí Fhoghlú, Scéal ó Carolina. Ba í an file Ailbhe Ní Ghearbhuigh a sheol an leabhar agus b’ard an moladh a thug sí don chúigiú chnuasach filíochta seo le hÁine Uí Fhoghlú:
“Tá croí mór i ndánta an chnuasaigh seo,” a dúirt Ní Ghearbhuigh, “iad lán le croí oscailte, le cion do mhuintir na hAirgintíne, do chathair Buenos Aires agus do chultúr na tíre. Téimid chuig Milonga, ólaimid súimíní seaimpéin, tugaimid suntas do gaucho agus caithfimid tamall i margadh San Telmo maidin Domhnaigh, mar a bhfuil mangaire seandachtaí ina phluais Aladdin.”
Labhair Áine í féin ansin faoin bhailiúchán, ag míniú cad é a spreag an saothar. Mar a mhínigh sí, saolaíodh Áine in Ambasáid na hAirgintíne i Londain agus ba bheirt Airgintíní a bhí ag obair mar ambasadóirí san Ambasáid a choinnigh le baisteadh í. D’fheascair an cnuasach seo as turas a thug an file go dtí an Airgintín le casadh lena hathair agus lena máthair baistí, turas a chuaigh i bhfeidhm go mór uirthi agus a mhúscail go leor mothúcháin inti. Léigh Áine rogha de na dánta don lucht féachana agus ba dheas canúint na Rinne a chluinstin go soiléir i seomra na hollscoile. Luaigh Áine gur bronnadh Comhaltacht Patrick Kavanagh uirthi leis an chnuasach seo a thabhairt i gcrích.
Leis an ghrá atá ag Áine don Airgintín, shocraigh sí aistriúcháin Spáinnise de na dánta a chur ar fáil chomh maith agus nuair a bhí sí ag cur le chéile an leabhar d’éirigh léi teagmháil a dhéanamh leis an scríbhneoir agus aistritheoir Airgintíneach Jorge Fondebrider a thoiligh na 22 dán a aistriú go Spáinnis. Thug Ailbhe Ní Ghearbhuigh cuireadh do Jorge Fondebrider a theacht go hÉirinn don tseoladh agus bhí an t-ádh orainn go raibh sé i láthair leis na haistriúcháin Spáinnise a léamh ar an oíche. Níos luaithe sa lá thug an tUasal Fondebrider caint do mhic léinn sa choláiste.
An scríbhneoir Airgintíneach Jorge Fondebrider a d’aistrigh na dánta sa leabhar go Spáinnis
Don bhailiúchán seo, d’éirigh le hÁine cúnamh a bhailiú chuici ó phlúr na n-aistritheoirí Béarla chomh maith agus tá na dánta go léir sa leabhar aistrithe go Béarla ag na scríbhneoirí Paddy Bushe, Eibhlís Carcione, Celia de Fréine, Theo Dorgan, Catherine Foley, Thomas McCarthy, Eiléan Ní Chuilleanáin agus Cathal Ó Searcaigh. Bhí an t-ádh orainn go raibh Paddy Bushe, Catherine Foley agus Thomas McCarthy i láthair ag an tseoladh chomh maith agus chuir an léamh bhríomhar a thug siad de na haistriúcháin go mór leis an ócáid.
A scríbhneoir Thomas McCarthy, a d’aistrigh cuid de na dánta atá sa leabhar
Le barr maise a chur ar an tráthnóna thug Áine cuireadh do Chiarán Ó Gealbháin amhrán a thabhairt dúinn agus roghnaigh sé amhrán a cheol a bhailigh Áine í féin sna Déise.
Bhí tráthnóna den scoith ann agus shínigh Áine go leor leabhair do dhaoine a tháinig ón gcian is ón gcóngar le bheith i láthair.
Buíochas le Roinn na Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile i gCorcaigh agus le Coláiste na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta as tacú leis an ócáid, chomh maith leis an scéim Fódú atá faoi chúram Oireachtas na Gaeilge as tacaíocht a chur ar fáil don ócáid chomh maith.
Catherine FoleyJorge FondebriderPaddy BusheCiarán Ó Gealbháin a chur an dlaoi mhullaigh ar an tráthnóna le hamhrán binn ón RinnTadhg Óg Ó Foghlú ag seoladh an leabhair Scéal ó Carolina
Thomas McCarthy agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh ag seoladh an leabhair Scéal ó Carolina
As An Rinn i bPort Láirge d’Áine Uí Fhoghlú. I measc na saothar filíochta léi atá foilsithe tá: Aistear Aonair (1999); An Liú sa Chuan (2007), Ar an Imeall (2011) agus Mná dár mhair (2022).
Tá ficsean do dhaoine fásta scríofa aici chomh maith: Crúba na Cinniúna (2009); Uisce faoi Thalamh (2011) agus Éalú (2013). Ar na leabhair ficsean do dhéagóirí atá scríofa aici tá Pincí sa Ghaeltacht (2012) agus Labhairamach.com (2017).
Tá saothar neamhfhicsean scríofa ag Áine chomh maith, cuimhní cinn dhátheangacha a bailíodh ó ghlúin níos sine ina ceantar féin: Scéalta agus Seanchas – Potatoes, Children & Seaweed (2019).
Tá coimisiúin agus sparánachtaí bainte amach ag Áine ón Chomhairle Ealaíon, ó Ealaíon na Gaeltachta agus ó Fhoras na Gaeilge. I measc na nduaiseanna atá buaite aici dá cuid scríbhneoireachta tá Gradam Filíochta Mhichíl Uí Airtnéide, Gradaim Liteartha an Oireachtais, Duais na Gaeilge ag Féile Idirnáisiúnta Filíochta Strokestown, agus Duais Seachtain na Scríbhneoirí i Lios Tuathail. Tá cuid dá saothar ar liosta na dtéacsanna don tSraith Shóisearach.