Bhí slua mór i láthair nuair a seoladh Rún na Gaeilge i Saothar Mháire ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne Dé Sathairn. Sa leabhar úr seo le Seán Mac Corraidh, nochtar nádúr agus inneach na Gaeilge mar atá siad le fáil i saothar litríochta Shéamuis Uí Ghrianna. Is staidéar é an leabhar ar stíl agus ar fhoclaíocht Mháire, agus tugann sé eochair dúinn isteach ar Ghaeilge chruinn, shaibhir, líofa na Gaeltachta.

Ba é Seán Mac Corraidh, Léachtóir Sinsearach i Roinn na Gaeilge i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste, a chaith na blianta ag déanamh dianstaidéir ar litríocht Shéamuis Uí Ghrianna, a scríobh an leabhar. Bhí lúcháir ar Éabhlóid go dtáinig sé chugainn leis an leabhar seo a chur i gcló, ionas go mbeadh an léargas seo ar fáil go forleathan.

Ba é an tOllamh Fionntán de Brún a sheol an leabhar, agus bhí an t-ádh orainn uilig, ní hamháin gur roinn sé a chuid saineolais faoin ábhar linn ar an oíche agus go dtug sé léargas bheo dúinn ar litríocht Shéamuis Uí Ghrianna, ach gur chuir sé an t-eolas sin inár láthair ar bhealach a bhí iontach nádúrtha agus intuigthe le neart grinn uaidh féin agus neart gáire ón lucht éisteacht.

Mar a bheifí ag súil leis, bhí slua mór ó Rann na Feirste i láthair, Gearóidín Breathnach ina measc. Bhí an lucht éisteachta faoi gheasa aici nuair a cheol sí ‘Cianach Corrach’ mar pháirt den cheiliúradh, ceann de na hamhráin is cáiliúla a scríobh Séamus Ó Grianna.

Labhair Seán Mac Corraidh faoin obair a rinne sé ar an leabhar agus faoin chúis ar chuir sé spéis san ábhar seo ar an gcéad dul síos.
“Tá mé ag léamh leabhair Mháire ó bhí mé cúig bliana déag d’aois,” a dúirt Seán. “Is cuimhin liom dul isteach i rang Gaeilge i gCumann Chluain Árd agus iad ag léamh leabhair de chuid Shéamuis.”

Is leis an stíl liteartha go príomha a bhaineann an leabhar. Is é saothar Shéamuis Uí Ghrianna ábhar an leabhair, saothar a dtearn údar an leabhair grinnléamh air ó thaobh na stíle liteartha agus úsáid na Gaeilge de.
Tá an leabhar bunaithe ar léamh Sheáin Mhic Corraidh ar shaothar Mháire agus ar thuairimí a bhailigh sé trí cheistneoir ó dhaoine a bhfuil cur amach acu ar an ábhar agus a mhúin é.
Tá tábhacht ar leith leis an fhocal ‘rún’ i dteideal an leabhair agus i ndearcadh an údair. Creideann sé nach féidir scéal na tíre seo a léiriú go hiomlán gan an Ghaeilge, agus gur i bhfolach i saothar Shéamuis Uí Ghrianna a gheobhaidh duine léargas ar rún na Gaeilge.
Is beag de shaothar Uí Ghrianna atá ar fáil le léamh sa lá atá inniu ann sa litriú nua agus sa chló nua. Caithfear iarracht a dhéanamh teacht air trí dhíoltóirí seanleabhar nó trí fhoinsí ar líne. Chuardaigh an t-údar an oiread de na chéad eagráin de na leabhair agus ab fhéidir leis a aimsiú. Aon uair a luaitear sleachta as an tsaothar, fágtar an litriú mar a bhí sé sna chéad eagráin.
Maítear sa leabhar go bhfuil an teanga a d’úsáid Máire bunaithe cuid mhór ar chaint bhlasta fhileata mhuintir Rann na Feirste, ar an scéalaíocht agus ar na seanamhráin. Dírítear aird ar leith ar na nathanna cainte, ar na samhlacha agus ar na meafair, agus ar an teanga fháthchiallach.
Níl sárú Shéamuis le fáil ó thaobh a chumais sa Ghaeilge de agus é ag cur síos ar a raibh thart air ina bhaile dúchais, Rann na Feirste: an tír, an mhuir, an spéir, an dúlra agus na daoine.
Ar an ábhar sin, bheidh an leabhar ina chuidiú mhór daofa siúd nach bhfuil teacht acu ar shaothar Mháire, de thairbhe go bhfuil cuid dá shaothar as cló agus déanann Seán cuid mhór de na nathanna deacra a mhíniú go héifeachtach agus na cora cainte a mhíniú. Is mór an chuidiú a bheas ann daofa siúd ar mian leo tuilleadh eolais a fháil faoin Ghaeilge lúfar shaibhir atá i bhfolach agus le haimsiú ina shaothar.
Mar chríoch dhrámata ar an ócáid, chuir Noel Ó Gallchóir sliocht i láthair as an seó aonair Idir Dhá Cheann na hImní, dráma ar bronnadh Gradam Scríbhneoireachta Gaeilge Stewart Parker air in 2015.

Cé gur dhúirt Séamus Ó Grianna, agus é ag cailleadh misnigh i ndeireadh a shaoil, go raibh an Ghaeilge marbh, ní raibh an ceart aige ina leith sin, mar a léirigh an ócáid seo agus an méid bonn agus corn a bhí i láthair i measc an lucht féachana.

Bhí Róise Nic Corraidh, iníon le Seán Mac Corraidh, i láthair agus bonn óir aici a bhain sí i gcomórtas amhránaíochta ar an tsean-nós do mhná, Corn Mháire Nic Dhonnchadha.

Bhí garmhac Sheáin, Ultan, i láthair fosta. Bhuaigh seisean an comórtas aithriseoireachta do dhaoine óga. Agus, ar ndóigh, bhí bonn ag Seán féin, mar gur é a tháinig sa dara háit sa chomórtas amhránaíochta aonair le tionlacan giotáir.
Bhí slua maith as Toraigh i láthair, agus corn breá ag Séarlas Ó Baoill, a bhain an comórtas amhránaíochta ar an tsean-nós do dhaoine óga. I láthair fosta, bhí Éanna Ó Cróinín, fear a ghlac muintir Rann na Feirste chucu féin, agus bonn óir aige a bhain sé sa chomórtas cáilithe amhránaíochta ar an tsean-nós d’fhir, chomh maith le bonn airgid a fuair sé sa chomórtas ceoil beirte.

Guímid achan rath ar Sheán agus a leabhar úr agus tá súil againn go ngiorraíonn sé na hoícheanta fada geimhridh daofa siúd a léann é. Tá sé ar fáil anseo ar shuíomh eabhloid






















