Is de shíol na mBard é Brían agus tá nasc láidir idir a mhuintir agus an Ghaeilge leis na cianta. Saolaíodh é sa bhliain 1947 agus bhain sé cáilíochtaí amach in Ollscoil na Gaillimhe agus in Ollscoil Mhá Nuad sna 1960aidí. Chuir sé sé bliana is fiche isteach ina mhúinteoir meánscoile agus bhí cónaí air ar fheirm ar feadh dhá scór bliain. Ar an dóigh sin, tá grá domhain aige d’imeachtaí na feirme agus is minic téama na talmhaíochta le feiceáil ina shaothar. Is é An Cleasaí Dubh an tríú leabhar le Bríain Mac a’ Bhaird. D’fhoilsigh Coiscéim Iníon Katie i 2022 agus Ó Loinsigh agus Mason i 2024. As ceantar na teorann dó agus é go breá eolach ar an chuid sin tíre. As cathair Ard Mhacha dá bhean chéile, Síle, agus tá triúr clainne acu.
