
Sheol Réaltán Ní Leannáin an leabhar filíochta ‘Scéal ó Carolina’ le Áine Uí Fhoghlú sa Chultúrlann i mBéal Feirste Dé Sathairn, 1ú Lúnasa i nDánlann Dillon mar chuid d’Fhéile an Phobail.
Seoid de leabhar a chuimsíonn 22 bunsaothar filíochta Gaeilge le hÁine Uí Fhoghlú le haistriúcháin go Béarla le plúr na bhfilí as Éirinn agus aistriúcháin go Spáinnis le Jorge Fondebrider, file aitheanta as an Airgintín.
Is as Gaeltacht na nDéise i gContae Phort Láirge Áine Uí Fhoghlú. D’eascair na dánta seo as a turas go Buenos Aires agus í sa tóir ar a tuismitheoirí báistí.
Bhí Áine í féin i mbun cainte le Réaltán ag an tseoladh agus bhí slua deas i láthair.
Rinneadh an leabhar a sheoladh le cuidiú ó Nuachtán Bhaile Andarsan, An Ceathrú Póilí agus An Chultúrlann féin agus i bpáirt le Féile an Phobail.

Scéal ó Carolina ar fáil anseo.