Exit

Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile

 

le hAilbhe Ní Ghearbhuaigh

Bailiúchán nua dánta leis an fhile aitheanta Ailbhe Ní Ghearbhuigh as Ciarraí. Sna dánta seo tugann an file guth d’eispéireas na mban sa tsaol chomhaimseartha, cuirtear síos ar an mháithreachas agus ar shaol na máthar agus tugtar a dhúshlán den insint seanchaite ar ról na mban sa tsochaí agus déantar é go fíor, paiteanta agus go liriciúil.

“…tá an cnuasach ar na saothair is uchtúla, is macánta agus is ilghnéithí ar an ábhar seo i nuafhilíocht na Gaeilge. Go deimhin, trí dhíriú ar an máithreachas, molann an fhilíocht seo dialachtaic éifeachtach an ghrá.” — DANIELA THEINOVÁ

Cuir sa chiseán

Tá líníocht fite tríd an leabhar leis an ealaíontóir Kim Sharkey agus is í a dhear an clúdach. Buíochas chomh maith le Liam Mac Mathúna.

Faoi údar:
Ciarraíoch í an file Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Bhain sí céim amach sa Ghaeilge agus sa Fhraincis ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Chaith sí tamall ag obair mar mhúinteoir teanga in ollscoil in Bordeaux. Mhúin sí an Ghaeilge i gColáiste Lehman i Nua-Eabhrac ar scoláireacht Fulbright. Tá céim dhochtúra aici ó OÉ Gaillimh. Bhronn an Chomhairle Ealaíon sparánachtaí ar Ailbhe in 2008 agus in 2015. Mar aon leis an bhfilíocht, scríobhann sí ailt ó am go chéile in The Irish Times. Chaith sí seal ina heagarthóir Gaeilge ar an iris ar líne Southword. Léigh sí filíocht dá cuid i bPáras, i Nua-Eabhrac, i mBeirlín, agus ar an mBuailtín. Tá roinnt dá saothar filíochta aistrithe go Béarla ag Gabriel Rosenstock, ag Billy Ramsell agus ag David Wheatley. D’fhoilsigh Coiscéim Péacadh (2008) agus Tost agus Allagar (2016). Le linn Thuras na bhFilí Albanacha in 2012, bronnadh Corn an Choirnéil Eoghan Ó Néill ar Ailbhe dá dán Gaeilge ‘Deireadh na Feide’. Tugann an comórtas aitheantas d’fhilíocht nua-chumtha sa Ghàidhlig agus sa Ghaeilge. Roghnaíodh ‘Filleadh ar an gCathair’ mar Dhán Uachtaránacht an Aontais Eorpaigh in 2013. Bhain an dán céanna áit amach ar ghearrliosta RTÉ, ‘A Poem for Ireland’.

 

Rannógaí: Daoine Fásta, Filíocht

Close
Go top