Aip don iPhone agus iPad.
Dearthóir:
Sinéad Ní Chadhain
Forbróir gréasáin:
Linda Keating
An maith leat tomhasanna? Is cluiche é seo ina mbíonn ort tomhasanna a fhreagairt le pointí a fháil. Déan iarracht scór maith a fháil agus fáil ar chlár na mbuaiteoirí. Is féidir na tomhasanna a roinnt le do chairde ar na meáin shóisialta. Téann an aip seo lámh ar láimh leis an leabhar, Tomhas Orm, Tomhas Ort! Aip é don iPhone agus don iPad.
Tá 120 tomhas san aip, fóirsteanach do pháistí agus do dhaoine fásta agus an-úsáideach sa tseomra ranga le comhrá agus spórt a spreagadh.
Tá Éabhlóid buíoch do COGG as tacaíocht airgeadais a chur ar fáil don togra seo.