Is file bhisiúil í Dairena Ní Chinnéide a scríobhann óna croí agus a fhiosraíonn an saol go hinniúil oilte. Sa chnuasach nua seo léi, taiscéalann Ní Chinnéide an talamh idir eatarthu, ag gluaiseacht san idir-spás agus ag teisteáil an aeir ann. Is filíocht thráthúil é seo a bhaineann leis an am seo atá againn anois. Mothaíonn Ní Chinnéide an bealach dúinn agus caitheann sí solas isteach sa spás idir eatarthu, á lasadh dúinn. Na háiteanna a fhiosraíonn Ní Chinnéide sa chnuasach seo, na spásanna idirthréimhseacha ina dtagann athrú crutha nó athrú meoin; is áiteanna iad ina gcuireann sí an cheist agus as a dtagann an freagra chugainn go binn óna cuid dánta.
Is cnuasach téagartha é seo le thar 80 dán ann, le brollach scríofa ag an Ollamh Máirín Nic Eoin a thugann eochair don léitheoir isteach sna dánta. Tá líníocht fite tríd an leabhar leis an ealaíontóir Kim Sharkey. Buíochas le Liam Mac Mathúna.
Tairseach
Cnuasach filíochta le Dairena Ní Chinnéide
Clúdach crua. 152 lch.
Éist anseo le hagallamh spéisiúil a rinne Helen Ní Shé le Dairena Ní Chinnéide faoin leabhar Tairseach ar an chlár Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le déanaí. Agallamh le Dairena Ní Chinnéide