Exit

Scéalta ó m’Óige

Scéalta le Nuala Ní Ghallchóir.

Is bailiúchán álainn scéalta é seo a thumann isteach i samhlaíocht shoineanta an pháiste muid ar shlí go bhfeictear an saol arís mar a chonaic nuair a bhí muid óg. Tá an bua sin ag Nuala Ní Ghallchóir, díriú isteach ar na mionsonraí a athlasann na cuimhní agus a thugann siar muid go dtí na móimintí sona sin a raibh an saol saor agus gan bhuaireamh. Cuireann Nuala síos ar a saol ag éirí aníos di i nGaeltacht Thír Chonaill i lár an chéid seo caite agus mar a d’athraigh rudaí dóibh nuair a bhog an teaghlach ó dheas go Ros Comáin. Cuimhní cinn a thugann ar ais muid go laetha geala ár n-óige, atá lán de nathanna saibhre agus atá scríofa i nGaeilge bhinn bhlasta. Is léiriú breá iad na scéalta seo ar an phearsantacht chaoin a bhí ag an údar agus ar an oidhreacht a d’fhág sí againn.

Nuala Ní Ghallchóir:
Ba iar-oide bunscoil í Nuala Ní Ghallchóir as Gaoth Dobhair. Ba iníon í leis an scríbhneoir Muirghein (Pádraig Ó Gallchobhair) a scríobh an leabhar Cáitheadh na dTonn atá athfhoilsithe ag Éabhlóid, 2017.
Tógadh Nuala i nGaoth Dobhair sna 30í. Nuair a rinneadh cigire bunscoile dá hathair, d’aistrigh an teaghlach go Ros Comáin, ar aghaidh ansin go Gaillimh, agus ansin go Baile Átha Cliath, áit ar chaith sí bunús a saoil ina dhiaidh sin. Phillfeadh Nuala go Tír Chonaill gach bliain agus bhí dáimh láidir aici leis an baile agus muintir na Gaeltachta, rud gcuireann sí síos go paiseanta faoin sa chnuasach scéalta seo.

Clúdach bog

ISBN: 9781916047051

Cuir sa chiseán

Rannógaí: Daoine Fásta, Gearrscéalta

Clúdach Scéalta ó m'Óige
Close
Go top